Spriocanna an Chiste:
- Spreagadh a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa phobal
- Spreagadh chun gnímh a thabhairt do ghrúpaí pobal laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht le himeachtaí sa phobal a eagrú
- Úsáid a bhaint as Seachtain na Gaeilge le Energia 2023 mar fhócas leis an spreagadh seo a thabhairt don phobal agus an fhoirm iarratais ar oscailt d’imeachtaí le linn na féile agus an fhoirm ar oscailt go dtí an 3ú Márta d’imeachtaí tar éis na féile
Spriocanna Thánaisteacha an Chiste a thabharfar aird orthu sna hiarratais ar mhaoiniú:
- Daoine a mhealladh le bheith gníomhach sna himeachtaí
- Daoine nua ó chúlraí éagsúla a mhealladh nár ghlac páirt in imeachtaí Gaeilge roimhe seo
- Cuidiú le grúpaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa phobal
- An ciste a dháileadh ar fud an oileáin
Coinníollacha an Chiste:
- Beidh an ciste roinnte i ndá chuid agus beidh deis ag grúpaí iarratas amháin a dhéanamh do sciar 1 nó sciar 2 den chiste.
- Beidh dhá sciar den mhaoiniú
- Sciar 1 – Spriocdháta meánlae 17 Feabhra d’imeachtaí le linn #SnaG23 (1-17 Márta)
- Sciar 2 – Spriocdháta meánlae 3 Márta d’imeachtaí idir 17 Márta & 30 Meitheamh 2023
- €1,000 a chur ar fáil do 175 grúpa
- Ní féidir le scoileanna, naíonraí, nó údaráis áitiúla cur isteach ar an gciste, ach má tá spéis agaibh coiste nó craobh a bhunú déan teagmháil le padraig.ofoghlu@cnag.ie.
- Ní féidir leis an gciste maoiniú a chur ar fáil d’imeachtaí polaitiúla
- Is féidir cur isteach ar an gciste d’imeachtaí dátheangacha ach caithfidh go mbeadh an Ghaeilge lárnach san imeacht
- Má ghlactar leis an maoiniú ón gciste, glacann an grúpaí le plean poiblíochta an chiste (Go mbeadh lógóanna Seachtain na Gaeilge le Energia, Conradh na Gaeilge & an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le feiceáil ar ábhair phoiblíochta don imeacht & go mbeadh na haisclibeanna cuí don scéim in úsáid ar phóstáileacha ar na meáin shóisialta)
- Beidh deontais de €1,000 le bronnadh ón gciste

