Dún

Lá na gCiorcal

Míle buíochas libh ar fad as ucht páirte a ghlacadh i Lá na gCiorcal ar an 11/03/26 mar chuid de #SnaG26! Bhí ar a laghad ciorcal comhrá amháin ag tarlú i ngach contae mar chuid den lá, maith sibh ar fad!

Is deis é an lá seo spotsholas a chur ar na ciorcail chomhrá iontacha atá ag feidhmiú in Éirinn agus fud fad an domhain freisin. Tugann siad deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal iad nó cainteoir ó dhúchais atá ag iarraidh bualadh le daoine nua le Gaeilge acu agus is rud fíor-thábhachtach é sin.

 

Is féidir leat sonraí faoi na ciorcail atá ag feidhmiú i do cheantar a fháil ANSEO agus beidh Lá na gCiorcal ag filleadh do #SnaG27 – bígí linn!

Roinnt de na ngrúpaí a bhí páirteach i Lá na gCiorcal thar na blianta

An bhfeiceann tú do ghrúpa féin ann?