
Orlaith Nic Ghearailt
Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta
orlaith@cnag.ie | Baile Átha Cliath | 00353 (0)1 4757401
Cúlra: Is as Co. Thiobraid Árainn dom. Dheineas staidéar ar an nGaeilge agus ar an nGearmáinis do mo bhunchéim i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sular bhaineas M.A. i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge amach ann.
Ról: Thosaigh mé ag obair le Seachtain na Gaeilge i mí an Mhárta 2016. Is iad na príomhdhulgais a bhíonn idir láimhe agam ná Seachtain na Gaeilge agus na meáin shóisialta dá cuid, feachtais feasachta de chuid Sheachtain na Gaeilge & Conradh na Gaeilge, ar nós Comhrá.

Jessy Ní Cheallaigh
Feidhmeannach Feachtais Feasachta agus Ilmheán
jessy@cnag.ie | Gaillimh | 00353 (0)1 4757401
Cúlra: Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas mé ach tógadh i gContae an Chabháin mé. Bhain mé mo chéim amach sa Chumarsáid trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara agus tá na blianta curtha isteach agam ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail.
Ról: Is comhordaitheoir tionscadal & feachtais feasachta le Conradh na Gaeilge mé agus mar chuid de sin bím ag plé le heagrú agus cur chun cinn Seachtain na Gaeilge i mbliana.

Dearbháil Uí Bhiataigh
Feidhmeannach Feachtais Feasachta
dearbhail@cnag.ie | Béal Feirste | 0044 (0) 7887236402
Cúlra: Is Feirsteach mé, a d’fhás aníos sa Cheathrú Ghaeltachta agus a tháinig fríd an chórás Gaeloideachais. Rinne mé staideár ar an Ghaeilge in Ollscoil Uladh agus bhain mé chéim amach i 2013. Mar thuismitheoir atá ag tógáil clainne le Gaeilge, tuigim an luach a bhaineann leis an teanga a chur chun cinn i measc an phobail go háirithe taobh amuigh den seomra ranga.
Ról: Tá mé ag obair le Conradh na Gaeilge mar Fheidhmeannach Feachtais Feasachta agus bím ag obair ar tionscadail ardaithe feasachta de chuid Sheachtain na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail.