Is iomaí Ciorcal Comhrá atá ar siúl ar fud na tíre, maraon le grúpaí pobail Ghaeilge, grúpaí siúil trí Ghaeilge agus foirne spóirt a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Tá grúpaí éagsúla in oiriúint do gach leibhéal agus cumas teanga. Tugann na ciorcail chomhrá seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal iad nó cainteoir ó dhúchais atá ag iarraidh bualadh le daoine nua le Gaeilge acu. Creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil slua de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír – is leor beirt!
Mar sin, cuireadh tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais Caint & Comhrá i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall an oileáin. Tá sé an-éasca grúpa nua Caint & Comhrá a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta.
Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Caint & Comhrá, ó seo am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa tsuim sa teanga. Nuair atá am, áit agus sonraí teagmhála agat don chiorcal comhrá, seol na sonraí chuig: caint@cnag.ie nó is féidir imeachtaí a chlarú ar scéal.ie féin
Is féidir teacht ar Chiorcal Comhrá i do cheantar fhéin ag baint úsáid as rannóg “Imeachtaí” ar scéal.ie
