Dún

Cartlann Sheachtain na Gaeilge

Cartlann Sheachtain na Gaeilge

Bhí an chéad Seachtain na Gaeilge ar siúl sa bhliain 1902, agus ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag céiliúradh 120 bliain den fhéile i mbliana. 

D’eagraigh Conradh na Gaeilge an chéad Seachtain na Gaeilge mar chuid d’fheachtas le hearraí Éireannacha a chur chun cinn. Bhí mórshiúl Sheachtain na Gaeilge ar siúl ar an Domhnach roimh Lá Fhéile Pádraig. 

Mar gheall ar an bhfeachtas seo agus an mórshiúl do Sheachtain na Gaeilge, d’éirigh le Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile aitheantas a bhaint amach do Lá Fhéile Pádraig mar shaoire poiblí in Éirinn. 

Féach ar chuid de na samplaí ar imeachtaí agus feachtais a bhí ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le 120 bliain anuas.

1902

Alt in An Claidheamh Soluis, 15 Feabhra 1902, Conradh na Gaeilge

Alt in An Claidheamh Soluis, 1 Márta 1902, Conradh na Gaeilge

Alt in An Claidheamh Soluis, 15 Márta 1902, Conradh na Gaeilge

1912

Alt in An Claidheamh Soluis, 16 Márta 1912, Conradh na Gaeilge

1922

Fógra san iris  ‘Misneach’ 11 Márta 1922, Conradh na Gaeilge

1920í

Póstaer fógraíochta faoi Sheachtain na Gaeilge, 1920í, Cartlann Comhairle na Gaillimhe

1970í

Clár Sheachtain na Gaeilge 1978, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/1)

Oíche Scannánaíochta 1978, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/1/2)

Clár Sheachtain na Gaeilge 1979, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/1)

Cuireadh chuig preasócáid i 1979, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/1/2)

Éigse an Spidéil 1978,  ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/1/2)

1980í

Clár Sheachtain na Gaeilge 1981, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/2)

Clár Sheachtain na Gaeilge 1982, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/2)

Clár Sheachtain na Gaeilge 1983, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/2)

Clár Sheachtain na Gaeilge 1984, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/2)

Clár Sheachtain na Gaeilge 1985, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/2)

Clár Sheachtain na Gaeilge 1988, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/2)

1990í

Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 1992, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/2/2)

Fógra faoi Sheachtain na Gaeilge 1990, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/2/2)

Straitéis agus Modhanna Oibre SnaG 1998, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/2/4)

Bailiúchán Náisiúnta 1998, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/2/4)

An fear ghrinn Búbú ar bhileog Sheachtain na Gaeilge, 1990í, Conradh na Gaeilge

Fógra ar thráth na gceist boird eagraithe ag Raidió na Life agus Conradh na Gaeilge, 1996, Conradh na Gaeilge

Bileog faoi Sheachtain na Gaeilge do chraobh CnaG i nGaillimh, 1997, Conradh na Gaeilge

2000í

Comórtas Ealaíne do Ghaelscoileanna 2000, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/2/2/4)

Seachtain na Gaeilge i nGaillimh 2002, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/5/3)

Sharon Ní Bheoláin san iris ‘Sult’, 2006, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/6/2/5)

Ceol ‘07 ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/7/3)

Dara Ó Cinnéide agus Seán Óg Ó hAilpín san iris ‘Sult’ i 2007, ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G60/15/6/2/5)

 Póstaer don imeacht ‘Focal sa Factory’ i 2009

2010í

Danny O’Reilly agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2010

Dlúthdhiosca ‘Rí-Rá le Hector 2013’ le Raidió Rí-Rá agus Hector Ó hEochagháin 

 Lynette Faye, Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Ciarán Kilkenny san irish ‘Sult’ i 2014

Tomaí Ó Conghaile agus Clíona Ní Chíosáin mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2015

Seo Linn mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i 2016

Art Parkinson, Miriam O’Callaghan agus Mícheáil Ó Ciaraidh mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2017

Noel McGrath, Caitlín Nic Aoidh agus James Patrice mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2018

Tracy Clifford, Michael Darragh McAuley, Sibéal Ní Chasaide agus Linda Ervine mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2019

2020í

Eimear Considine, James Kavanagh agus Gráinne McElwain mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2020

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2021, Bláthnaid Treacy, Imelda May agus Declan Hannon faoi agallamh ag Niamh Ní Chróinín.