Dún

Ambasadóirí

Conor Curley

Is giotáraí agus scríobhneoir ceoil é Conor leis an mbanna ceoil mór le rá Fontaines D.C. Rugadh agus tógadh Conor i Scairbh na gCaorach, contae Mhuineacháín agus is ann a cuireadh an chéad síol dá ghrá don cheol agus don teanga araon.

Bhuail sé lena baill eile de Fontaines agus iad ag freastal ar BIMM, ollscoil an cheoil i mBaile Átha Cliath. Bhain na Fontaines clú gan choinne amach l’eisiúint a gcéad albam Dogrel i 2019 agus tá siad tar éis dul ó neart go neart ó shin agus go leor aitheantais faighte acu mar cheann de na bannaí is tábhachtaí dá ghlúin.

D’fhoghlaim Conor a chuid Gaeilge ar scoil agus tá sé tar éis a bheith ag taisteal fud fad an domhain agus an banna ar chamchuairteanna ó shin ar leith. Tá Conor ag iarraidh ath-thosú lena a chuid aistir foghlamtha leis an nGaeilge anois. Tá go leor Gaeilge le cloisteáil sa hamhráin atá foilisthe ag na Fontaines mar shampla, an t-amhrán In ár gCroíthe go deo atá ar an albam Skinty Fia agus an t-amhrán Better Way to Live i gcomhar le Kneecap.

Mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, léiríonn Conor gur féidir leis an nGaeilge a bheith comhaimseartha, domhanda agus cruthaitheach i saol agus i gcultúr an lae inniu.

“D’fhoghlaim mé Gaeilge ar scoil agus, cosúil le go leor daoine, chaill mé greim uirthi ar feadh tamaill. Tá mé ag filleadh uirthi anois, agus sin é an rud is tábhachtaí;  go mbíonn an doras oscailte i gcónaí.”

Róisín Seoighe

Is amhránaí agus ceoltóir í Róisín Seoighe agus tá sí ina ball den bhanna ceoil IMLÉ freisin. Is as an Ros a’ Mhíl i gConamara í Róisín ó dhúchas agus mar sin, tógadh le Gaeilge í, teanga a chroí agus a ceirde.

Thosaigh sí amach ag amhránaíocht ar an Sean Nós agus í 7 mbliana d’aois agus bhuaigh sí dhá chomórtas amhránaíochta agus damhsa ag Oireachtas na Samhna agus í fós ina páiste. Ó shin, tá clú agus cáil bainte amach aici mar amhránaí nua-aimseartha a mheascann an traidisiún leis an bhfuaim chomhaimseartha ar bhealach úr agus dána.

Tá go leor amhrán eisithe aici go aonarach, ar nós Níl Mé Marbh agus Geasa agus mar bhall den bhanna ceoil spleodrach IMLÉ chomh maith, ar nós Sláinte agus Éad. Mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, léiríonn Róisín gur féidir tógáil ar shean-thraidisiúin an cheoil chun suim, bród agus fuinneamh nua a spreagadh sa Ghaeilge trí mheán an cheoil sa lá atá inniu ann.

“Ní rud seasta í an Ghaeilge domsa, is teanga í a fhásann leat. Tá sí fréamhaithe sa traidisiún, ach faigheann sí a guth féin sa gceol agus sa saol comhaimseartha.”