Is féile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus fud fad an domhain gach bliain.
Tugtar deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge tríd a bheith páirteach san fhéile, idir chainteoirí dúchasacha, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.
Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíne agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.
Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge le Energia – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!
Cliceáil ar an gceist le tuilleadh eolais a fháil
Ritheann Seachtain na Gaeilge ón 1 go dtí an 17ú de Mhárta gach bliain.
Bíonn Seachtain na Gaeilge ar siúl in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain
Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge in 1902 agus an branda sin aitheanta go forleathan i measc mhórphobal na hÉireann. D’imigh an fhéile ó neart go neart le blianta beaga anuas, agus mar sin beartaíodh an fhéile a shíneadh amach go tréimhse coicíse ach níor athraíodh an t-ainm mar go n-aithnítear an t-ainm go forleathan
Is é Energia an príomhurraitheoir do Sheachtain na Gaeilge.
Bíonn réimse leathan de imeachtaí ar siúl, ó ceolchoirmeacha ceoil, turais staire, céilís, ciorcal comhrá, leachtaí, oícheanta filíochta agus go leor eile.
Tá Seachtain na Gaeilge ag rith ón mbliain 1902.
Tugann an féile deis do dhaoine taitneamh a bhaint as an Ghaeilge. Tá féilire d’imeachtaí siamsúla agus spraoi ann do gach cineál suime.
Trí tú féin a chur in iúl i nGaeilge, tá cultúr agus stair na hÉireann a gcur in iúl agat. Tugann an Ghaeilge tuiscint duit ar bhealach smaointeoireachta na hÉireann.
Is féidir leatsa páirt a ghlacadh san fhéile in go leor slí:
- Imeacht a eagrú do Sheachtain na Gaeilge – féach ar an rannóg Eagraithe Imeachtaí i gcomhair treorach agus comhairle
- Freastal ar imeacht Sheachtain na Gaeilge – féach ar an rannóg Imeachtaí do liosta na n-imeachtaí ar fad a bheidh ar siúl
- Bain níos mó úsáide as an nGaeilge le linn na féile: sa bhaile, le do chairde, ar an nguthán, i do ríomhphoist agus poist ar na meáin shóisialta – féach ar an rannóg Acmhainní Teanga do liostaí frásaí agus acmhainní eile chun cabhrú leat
- Féach ar na cláir teilifíse, éist leis na cláir raidió agus léigh na nuachtáin a bheidh ag déanamh scéalta faoin bhféile agus faoin nGaeilge féin le linn na féile – féach ar an rannóg Nuacht & Meáin i gcomhair eolais maidir le clúdach na féile sna meáin
- Ceannaigh clár oifigiúil na féile Sult a eisítear leis an Irish Daily Mail gach bliain, an t-aon áit a mbeidh liosta iomlán na n-imeachtaí curtha i gcló agus chomh maith leis sin, beidh ailt, agallaimh, míreanna spóirt, ceoil agus teicneolaíochta. Is iris dátheangach í seo atá iontach d’fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhforbairtí nua maidir leis an nGaeilge.
Le tuilleadh smaointe a fháil, is féidir súil a chaitheamh ar an leathanach seo ar an suíomh – tá neart eolais faoi imeachtaí éagsúla a eagrú ar fáil ann
Is cuma mura bhfuil ach cúpla focal agat, tá fáilte mhór roimh gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus tá go leor imeachtaí ar fáil do gach leibhéal.
Is féidir go cinnte agus molaimid é sin go mór! Is féidir é a chlárú anseo.
• Tá. Tá roghanna iontacha do chomórtais ann do dhaltaí bunscoile, daltaí meánscoile agus clubanna óige, idir chomórtas dathúcháin, an clár raidió is fearr agus an fhilíocht is fearr. Is féidir teacht ar na comórtais anseo.
Bhí áthas orainn go raibh Manchán Magan, Maura Derrane agus Éadaoin Fitzmaurice mar ambasadóirí linn i mbliana. Tá ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2024 fós le fógairt againn.
Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is sine agus is stairiúla ar domhan. Chonacthas í den chéad uair i bhfoirm Oghaim sa chúigiú haois. Sa lá atá inniu ann is féidir teacht uirthi sna mílte leabhar, ar an teilifís, ar an raidió, i nuachtáin, in irisí, agus ar an Idirlíon.
Cliceáil ar an gceist le tuilleadh eolais a fháil
Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge, a shíolraigh ón tSean-Ghaeilge. Is cosúil gur shíolraigh na teangacha Ceilteacha ar fad ón gComh-Cheiltis agus gur shíolraigh sí sin ón Ind-Eorpais.
Ní féidir bheith cinnte ach meastar go bhfuil sí anseo le 2500 bliain. Bhí teangacha eile in Éirinn roimpi ach faoi 500AD, bhí an Ghaeilge á labhairt ar fud na hÉireann agus ag leathnú trí Albain, cósta thiar na Breataine agus Oileán Mhanann.
Is iad na hiarsmaí is sine dá bhfuil againn den Ghaeilge scríofa ná clocha Oghaim ón 5ú agus 6ú haois. Cuireadh tús le scríobh na Gaeilge san aibítir Rómhánach roimh thús na 7ú haois. Fágann sin gurb í an Ghaeilge an teanga scríofa is sine dá bhfuil fós á labhairt lastuaidh de na hAlpa.
Idir 900 agus 1200AD, fuarthas roinnt iasachtaí ón Lochlannais, mar shampla ‘pingin’ agus ‘margadh’; agus ó Fhraincis na Normannach ina dhiaidh sin, mar shampla ‘cúirt’ agus ‘garsún’. De réir a chéile, ghlac na hAngla-Normannaigh leis an nGaeilge agus faoi thús an 16ú céad, ba chainteoirí Gaeilge formhór phobal na hÉireann arís.
In ainneoin go raibh Gaeilge ag formhór na ndaoine idir 1200 agus 1600AD, níor theanga riaracháin í riamh agus bhí Béarla ag teastáil le haghaidh gnóthaí riaracháin agus dlí. Bualadh buillí troma ar an nGaeilge le linn an 16ú agus 17ú céad mar gheall ar na plandálacha, Cogadh an Dá Rí agus achtú na bpéindlíthe. Bhí stádas na Gaeilge mar mhórtheanga caillte cé go raibh an Ghaeilge ag formhór phobal na tuaithe; agus thosaigh an pobal ag tarraingt an Bhéarla chucu féin, go háirithe i rith agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.
I measc forbairtí eile, bunaíodh Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in 1876 agus d’éirigh leo aitheantas a ghnóthú don Ghaeilge sa chóras oideachais. In 1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge ar eascair gluaiseacht mhór tacaíochta don teanga labhartha as. Tá go leor dul chun cinn déanta sa 122 bliain uaidh sin ar aghaidh agus tá na buaicphointí le feiceáil sa rannóg Amlíne Staire.
De réir daonáirimh 2022 sna 26 contae:
- tá 1,873,997duine in ann an Ghaeilge a labhairt – is ionann sin agus 39.8% den daonra.
- labhraíonn 71,968 duine an Ghaeilge gach lá (lasmuigh den chóras oideachais) – is ionann sin agus 1.4% den daonra
- labhraíonn 109,099 an Ghaeilge go seachtainiúil
- labhraíonn 610,976 an Ghaeilge níos lú ná seachtainiúil
- tá duine amháin as gach ceathrar nach labhraíonn an Ghaeilge riamh
Is ionann sin agus 15.4% den daonra a labhraíonn an Gaeilge gach lá, gach seachtain nó níos lú ná sin
Tá 228,617 duine a bhfuil eolas éigin acu ar an nGaeilge – is ionann sin agus 12.45% den daonra
- tá 5,969 duine a úsáideann an Ghaeilge mar phríomhtheanga – is ionann sin agus 0.32% den daonra