Dún

Féach thíos tá neart moltaí d’imeachtaí.

Ná dearmad gur féidir imeacht ar bith a reáchtáil trí Ghaeilge agus is imeacht Gaelach atá ann.
Ní gá dó a bheith dírithe ar an teanga, fad is atá an Ghaeilge mar phríomhtheanga an imeachta.

Amhránaíocht agus Ceol

Is breá le páistí ceol agus a bheith ag casadh – Cas nó cum amhrán leo nó is féidir amhrán Béarla a haistriú go Gaeilge más rang níos sinsearaí atá i gceist.

Tá go leor CDs le ceol Gaeilge ar fáil ar siopaleabhar.com nó is féidir dul go Youtube agus éist lena hamhráin a bhí cruthaithe do SnaG thar na blianta. Amhráin mór le rá atá éasca le foghlaim!

Tá neart ar fáil ar líne freisin, idir na hamhráin a bhí déanta do CEOL le Raidió Rí-Rá agus 2FM, an dioscagrafaíocht iomlán atá ag TG Lurgan, na físeáin liricí ó Cúla4 agus dár ndóigh, tá Raidió Rí-Rá ar fáil 24/7 ar rrr.ie

Biongó

Is bealach an-mhaith é seo le huimhreacha a chleachtadh!

Imeacht: Eagraíonn duine am agus áit le biongó trí Ghaeilge a chur ar siúl – idir scolairí agus mhúinteoirí, nó scolairí d’aoiseanna difriúla. Caithfear cártaí le huimhreacha a chló amach agus pinn a chur ar fáil. D’fhéadfá é a dhéanamh i rith an lae, nó imeacht leanúnach a dhéanamh as san oíche agus cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí páirt a ghlacadh freisin.

Tóraíocht Taisce

Imeacht: Roinn an rang i ngrúpaí de 4/5. Cuir duais/bronntanas i bhfolach atá éigin sa seomra/scoil/chlós. D’fhéadfadh an duais seo a bheith mar lá saor ón obair bhaile mura bhfuil aon duais ‘ceart’ agat.

Ansin, cur leid amháin thuas ar an gclár. Bíodh leideanna eile agat curtha timpeall an tseomra/na scoile srl, nó bíodh ar na daltaí ceist a chur ar dhuine éigin le níos mó eolais a fháil.

Rang Ealaíne/Corpoideachais

Ná déan dearmad gur féidir gnáthcheacht scoile a reáchtáil trí Ghaeilge. m.sh.: má tá cluiche peile/iománaíochta/cispheile, srl. ar siúl sa rang corpoideachais, déan as Gaeilge é! Bíodh ar na daltaí Gaeilge a labhairt sa rang – ‘caith an liathróid, téigh leat féin! Anseo, anseo!

Ar chlé/ar dheis! Táimse saor!’ srl.. Fiú sa rang mata, bíodh ar na daltaí Gaeilge a úsáid agus iad ag comhaireamh nó uimhreacha a rá as Gaeilge. Bheadh ‘Frásaí an Lae‘ úsáideach ar an gclár bán don lá le cuidiú leo.

Caint ó dhuine áitiúil

Déan teagmháil le duine áitiúil – staraí/údar/file/amhránaí mór le rá. (Is fiú go mór teagmháil a dhéanamh leo go luath.)

Fiú mura bhfuil tú in ann teacht ar dhuine cáiliúil, faigh duine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil – láithreoir ón stáisiún raidió áitiúil a bhíonn ag craoladh as Gaeilge. Is rud an-tábhachtach é go bhfeiceann na daltaí go bhfuil úsáid agus fiúntas ag baint leis an nGaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.

Agus na smaointe ar fad bailithe agat agus an t-imeacht eagraithe agus réidh le dul agat, is féidir é a chlárú ar Scéal.ie leis an scéal a scaipeadh.

Cláraigh d’imeacht Sheachtain na Gaeilge anseo