Dún

GaelZón ag Zeminar

Is comhdháil do dhaoine óga é Zeminar, dírithe ar an aoisghrúpa 15 – 20, a bhfuil ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath 8 – 10 Deireadh Fomhair 2019.

Beidh ceantar nua ann i mbliana – an GaelZón. Beidh an GaelZón mar cheantar sóisialta do dhaoine óga lena scíth a ligint, ina mbeidh rogha thaispeántais ó eagraíochtaí éagsúla, ceardlanna idirghníomhacha agus béim ar an nGaeilge. I measc na ceardlanna a bheidh ar siúl beidh ceardlann raidió, ceardlann ar ghairmeacha le Gaeilge agus ceardlann dírithe ar na meáin shóisialta.

Is féidir ticéidí a chur in áirithe anseo. Buail isteach chuig an GaelZón agus sibh ann le heolas a fháil ar na feachtais is déanaí, bheith sa seans duaiseanna den scoth a bhuachan agus le craic iontach a bheith agaibh!

Coimeád súil ar an leathanach seo leis an eolas is déanaí ar an nGaelZón a fháil.

(Amchlár ag teacht go luath)

Bain triail aisti - Surprise Yourself!