Tá na Spriocanna Domhanda Um Fhorbairt Inbhuanaithe fógraithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá 17 sprioc ann agus an aidhm atá acu ná an domhan a chosaint ó athrú aeráide agus é a dhéanamh níos sábháilte, níos cothroime agus níos córa do gach aon duine.
Bíodh is nach bhfuil sa domhan seo ach mar a bheadh gráinín beag amuigh sa spás, feictear dúinn go bhfuil sé millteach mór agus muid inár seasamh air. D’fhéadfadh cuma mhillteach mhór a bheith ar na Spriocanna Domhanda sin.
D’fhéadfá cabhrú ar thrí bhealach. Is féidir leat rud éigin a cheapadh, a bheith nuálach agus dul i mbun feachtais. Tá ceannairí domhanda tiomanta na spriocanna a bhaint amach agus tá súil againn go mbeidh sibh páirteach chomh maith.
Tá físeáin thacaíochta ar fáil in go leor teangacha agus tá an-áthas orainn go bhfuil siad ar fáil as Gaeilge.