Dún

Archive for: Image

Ambasadóirí #SnaG23

RÁITEAS NUACHTA

[AOINE 17 FEABHRA 2023]

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023 Fógartha ag seoladh speisialta i mBaile Átha Cliath inniu

Maura Derrane, Manchán Magan agus Éadaoin Fitzmaurice ainmnithe mar ambasadóirí #SnaG23

Tá ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge fógartha inniu ag seoladh sa Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath. Fógraíodh gurb iad Maura Derrane, Manchán Magan agus Éadaoin Fitzmaurice na hambasadóirí ag painéal cainte san Ard-Chathair.

Láithreoir teilefíse agus iriseoir í Maura Derrane, arbh as Inis Mór ó dhúchas di. Scríbhneoir iomráite agus láithreoir fáisnéise é Manchán Magan, agus is cruthaitheoir í Éadaoin Fitzmaurice.

Ag an bpainéal cainte speisialta inniu, labhair na hambasadóirí faoina dtaithí leis an Ghaeilge go dtí seo agus na bealaí a bheidh siad ag baint úsáid aisti le linn na féile agus i rith na bliana.

Ag labhairt inniu, dúirt Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Maura Derrane:

“Bhí go leor eolais agam faoi Sheachtain na Gaeilge i gcónaí, agus mar sin bhí an-áthas orm nuair a iarradh orm a bheith i m’ambasadóir. Ag fás aníos sa Ghaeltacht bhí an Ghaeilge timpeall orainn i gconaí, mar sin thuig mé an tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge.”

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh inniu:

“Tá sé ina phléisiúr againn ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fhógairt inniu, agus táimid an-shásta gur triúr ambasadóirí iontacha atá linn i mbliana. Tá scéalta an-suimiúil ag an triúr acu leis an nGaeilge, agus beidh siad ag roinnt na scéalta seo agus iad ag cur an Ghaeilge chun cinn ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta idir 1-17 Márta.

Le linn na féile, táimid ag tnúth go mór le himeachtaí a fheiceáil sa phobal, sa Ghaeltacht, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia do ghrúpaí agus do phobail fud fad na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.”

Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia go hoifigiúil sa phobal san Aonach, Tiobraid Árann ar an 25 Feabhra ag 14:00. Reachtáltar an féile bhliantúil ó 1-17 Márta, le imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne.

TEAGMHÁIL

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge le Energia

+353 85 7759639 | orlaith@cnag.ie

Caolán Mac Grianna

Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+353 86 0898012 | caolan@cnag.ie

Twitter: #SnaG23 @cnag & @snagaeilge

SNEACHTA NA GAEILGE le ENERGIA

SNEACHTA NA GAEILGE le ENERGIA

Ainm nua tugtha don fhéile Seachtain na Gaeilge le Energia

Is í Seachtain na Gaeilge le Energia an fhéile Ghaeilge is mó a dheánann ceiliúradh ar an nGaeilge fud fad an domhain. Reáchtáilfear na mílte imeacht idir anois agus 17 Márta. I mbliana tá James Patrice, Caitlín Nic Aoidh agus Noel McGrath mar ambasadóirí don fhéile.

Is láithreoir aimsire í Caitlín Nic Aoidh, ceann de hambasadóir na féile ó Ghaeltacht Thír Chonaill.

Deir Caitlín Nic Aoidh, Láithreoir Aimsire agus Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Ní hamháin go mbeidh Seachtain na Gaeilge le Energia ag clúdú na tíre idir anois 17 Márta ach tá an cuma ar an scéal go mbeidh Sneachta na Gaeilge againn go dtí an deireadh seachtaine! Thaitin sé go mór liom go raibh daoine ag baint úsáide as #Sneachta le linn na seachtaine le cur síos a dhéanamh ar an aimsir. Taispeánann sé dúinn go bhfuil cúpla focal Gaeilge ag gach éinne in Éirinn agus go mbíonn daoine sásta an Ghaeilge a úsáid.”

Do dhaoine atá ag fanacht taobh istigh don chéad chúpla lá eile de dheasca na drochaimsire tá go leor bealaí gur féidir leo páirt a ghlacadh san fhéile ar líne.

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

Is trua go bhfuil imeachtaí curtha ar athló de dheasca na drochaimsire ach tá go leor imeachtaí iontacha ar nós Lá na Meán Sóisialta fós le teacht mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia. Idir an dá linn is féidir le daoine páirt a ghlacadh san fhéile trí póstálacha a chur amach as Gaeilge ar na meáin shóisialta leis an haischlib #SnaG18 agus trí pháirt a ghlacadh sna comórtais atá á reáchtáil againn.”

Le tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile a fháil téigh go www.peig.ie agus le heolas faoi na comórtais a fháil téigh go www.snag.ie.

BÚAGaeilge – Duolingo

 

An mhí seo táimid ag moladh daoibh úsáid a bhaint as Duolingo. Is aip saor in aisce í Duolingo a chuidíonn leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Tá níos mó ná 3 mhilliún duine ag foghlaim na Gaeilge ar an aip! 

Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2018

Comhghairdeas mór le Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017, agus le gach duine a ghlac páirt iontu!

Buíochas mór leis na scoileanna, múinteoirí agus daltaí as a gcuid oibre ar fad roimh, le linn agus i ndiaidh na féile!

Buíochas freisin lenár n-urraithe:

Féach na buaiteoirí go léir anseo.

Fáilte go SnaG.ie!

Fáilte go suíomh Sheachtain na Gaeilge le Energia

Is féidir ordú a chur isteach ar ábhar thacaíochta ar líne anois. Tá liosta iomlán den rogha ábhair le feiceáil chomh maith le praghsanna nua. Tá súil againn go gcabhróidh seo libh agus sibh ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge le Energia.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le foireann  PEIG.ie a bhfuil ag cabhrú go mór linn i mbliana agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia á gclárú leo. Is iontach an deis é bhur n-imeacht a chlárú leo mar go mbeidh gach eolas orthu le feiceáil ar aip Sheachtain na Gaeilge, a bhfuil íoslódáilte ag os cionn 11,000 daoine.

Tá súil againn go mbainfidh sibh leas agus spraoi as an suíomh nua. Má tá ceist ar bith agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an leathanach teagmhála. Ag súil go mór le féile eile a cheiliúradh libh.

Le meas,

Foireann Sheachtain na Gaeilge

Orlaith, Edel, Seán

Bain triail aisti - Surprise Yourself!