Dún

Tag Archive for: #comhrá

Comhrá’20

I mbliana beidh #Comhrá20 ag dul ar aghaidh ón 13-15 Deireadh Fómhair agus is í an sprioc  atá  ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhain a bhaint amach.

Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna,
chlubanna CLG, chiorcail chomhrá , stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na
Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte chun an
mhíleásite is faide sa Ghaeilge a bhaint amach. Úsáidtear zoom le
comhrá leanúnach a cruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an
deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain!

Bíonn grúpaí ó thimpeall an domhain  páirteach linn- ó Ghaillimh
go dtí an Áis, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh- is cuma cén áit sa domhan
ina bhfuil tú, tá muid ag iarriadh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

 Cuirimid fáilte roimh gach grúpa, duine aonar nó scoil páirt a ghlacadh.

Is féidir clárú do #Comhrá20 anseo agus is féidir breathnú ar an gclárama anseo

Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a’chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá’17 171 uair a’ chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a ‘chloig cainte a bhaint amach i 2018, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas.

Anuraidh bhí #Comhrá19 ag dul ar aghaidh ón 15-17 Deireadh Fómhair agus is í an sprioc  a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhain a bhaint amach agus táimid ag súil leis an gcuriarracht a shárú arís i mbliana le Comhrá’20.

 

 

Comhrá’ 19

COMHRÁ ’19- Bí páirteach linn!

Tá an comhrá mór Gaeilge ar an idirlíon ar ais i mbliana agus tá Conradh na Gaeilge
ag lorg daoine agus grúpaí ó gach carn den domhan ag cuir ag caint lena chéile. I
mbliana beidh #Comhrá19 ag dul ar aghaidh ón 15-17 Deireadh Fomháir agus is é
an sprioc ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhan a
bhaint amach.

Tá muid ag lorg grúpaí ó thimpeall an domhan le bheith páirteach linn- ó Ghaillimh
go dtí an Áis, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh- is cuma cén áit sa domhan
ina bhfuil tú, tá muid ag iarriadh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda
na Gaeilge. Ní amháin sin, ach beidh an físeán den comhrá á shruthú beo
ar www.snag.ie ón 15-17 Deireadh Fómhair.

Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna,
chlubanna CLG, chiorcail chomhrá , stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na
Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte chun an
mhíleásite is faide sa Ghaeilge a bhaint amach. Úsáidtear Google Hangouts le
comhrá leanúnach a cruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an
deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain!

Gheobhaidh gach grúpa atá cláraithe faoin 28/09/19 mála féiríní!

Is féidir clárú ag : http://bit.ly/Comhrá19

                                                                                                             

 

Bain triail aisti - Surprise Yourself!