Dún

Amhrán na Seachtaine – Solas le Seo Linn

Solas – Seo Linn

Véarsa 1

Is minic triail a d’fhan liom le fada ‘na dhiaidh

Dá mhéad an stró ‘sea ‘s fearr na ceachtanna

Tá mé ag siúl liom gan beann orm féin ná’r mo threo

Anois caithfidh mé tiontú ‘s filleadh ar ais chun bairr

Curfá

Seod an lá

A leagadh amach dom, a rith liom i gcónaí im’ chroí

Agus tá

An solas ag titim, ag sileadh anuas ar an aoibh

Véarsa 2 

B’í an lasair im’ chroí a spreag dom an tseanmhian

Meangadh machnaimh ‘s mé i bhfolach ann

D’fhág mé an lorg ar lár an lá sin a rith mé

“Bíodh leat ‘s ná lean an té a lean…”

Curfá x 1

Droichead

Ná bí ann – ins an dorchacht

Oh no ná bí ann – ins an bhforaois x 2

Oh no ná bí ann – rith le solas

Oh no ná bí ann – ins an bhforaois

Oh bíodh tú ann – ins an solas

Bíodh tú ann – tú ann – tú ann

Curfá x 3

B’í an lasair im’ chroí a spreag dom an tseanmhian

Meangadh machnaimh ‘s mé i bhfolach ann

Bain triail aisti - Surprise Yourself!