Dún

Lá na Meán Sóisialta

#LNMS18

Lá na Meán Sóisialta – 10 Márta 2021

Úsáid do chuid Gaeilge ar na Meáin Shóisialta leis an haischlib #LNMS21

Leis an méid Gaeilge a úsáidtear ar líne ag fás in aghaidh an lae, bheartaigh foireann Sheachtain na Gaeilge gur chóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar seo agus lá faoi leith a roghnú le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge ar líne le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia. Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne. Is féidir Gaeilge a roghnú mar do theanga ar Facebook, Gmail, Twitter agus go leor eile.

Tá obair na gcapall déanta ag Facebook agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile leis an teanga a chur chun cinn agus bíonn na mílte ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta.

Ar Déardaoin 16 Márta 2017 bhí ár gcéad Lá na Meán Sóisialta againn. D’iarramar ar dhaoine fud fad an domhain a gcuid Gaeilge a úsáid ar an lá seo ach go háirithe. Le páirt a glacadh ní raibh ort ach postáil a chur in airde ar chuntas ar ardán ilmheánach ar bith agus an haischlib #LNMS17 a chur leis. Ar 10 Márta 2021 beimid ag iarraidh ar dhaoine #LNMS21 a úsáid.

D’éirigh go hiontach leis an lá mar fheachtas idirnáisiúnta in 2017. Seoladh os cionn 3,000 tvuíteanna leis an #LNMS17, gan dearmad a dhéanamh chomh maith ar na céadta póstálacha a cuireadh in airde ar Facebook, Instagram agus Snapchat. Bhí an haischlib sa dara háit ag treochtú in Éirinn ar Twitter comh maith. Ba mhaith linn feabhas a chur ar na bhfigiúrí sin in 2021!

I mbliana, 2021, tá sé mar sprioc againn na féidearthachtaí atá ann leis an nGaeilge a thaispeáint do dhaltaí na tíre ar bhealach spraíúil. Beidh ós cionn 300 dalta bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna ag glacadh páirte i gceardlanna ar líne an lá.

I measc na ceardlanna beo beidh:

  1. Ceardlann Raidió le Raidió Rí-Rá – Beidh deis ag na daltaí scileanna cumarsáide agus scileanna raidió a fhoghlaim agus píosa craic a bheith acu trí Ghaeilge
  2. Ceardlann teanga ríomhchlárúcháin ‘Scratch’  le TechSpace – beidh deis ag na daltaí spraoi a bheith acu agus iad ag foghlaim faoi ríomhchlárú trí Ghaeilge
  3. Seisiún aclaíochta agus caint ar na meáin sóisialta le Dáire Ó Faogáin @Strongsaol – Deánfaidh Dáire seisiún aclaíochta spraíúla trí Ghaeilge, agus beidh caint ann do na daltaí iarbhunscoile ar conas gur bhain sé úsáid as Instagram lena bhranda a chur chun cinn.

Le clárú snag@cnag.ie

Imeacht LNMS17 in oifigí Facebook!

Mar chuid de Lá na Meán Sóisialta, reáchtáladh imeacht i gceannoifigí Facebook i mBaile Átha Cliath do dhaltaí meánscoile – d’fhreastal os cionn 80 dalta meánscoile ó 7 scoileanna fud fad na tíre air. Tógadh ar thuras timpeall na hoifigí iad sular éisteadar le painéal iontach cuimsitheach d’aoíchainteoirí. Is é an t-ábhar a bhí á plé ag an bpaineál ná neart na teanga ar líne sa lá ata inniu ann agus na buntáistí a bhaineann léithi sna gairmeacha proifisiúnta atá acu. Is féidir breathnú ar chraoladh beo den phainéal thuas – caint iontach spreagúil a bhí ann!

Facebook

  • ~ Athraigh do chuntas FB go Gaeilge
  • ~ Bí páirteach i ngrúpaí ar FB ar nós Gaeilge Amháin (Grúpa do phobal na Gaeilge timpeall an domhain)
  • ~ Cuir postálacha as Gaeilge in airde ar do leathanach féin

Twitter

  • ~ Athraigh do chuntas Twitter go Gaeilge
  • ~ Bain úsáid as na haischlibeanna #SnaG19 & #Gaeilge

Snapchat

  • ~ Lean cuntais Ghaeilge ar nós CnaGaeilge nó TG4TV
  • ~ Bí ag scríobh as Gaeilge ar do ghrianghraif

Instagram

  • ~ Lean cuntais Ghaeilge ar nós Raidió Rí-Rá, Seachtain na Gaeilge nó Conradh na Gaeilge

FACEBOOK

GMAIL

TWITTER

LINUX

MICROSOFT OFFICE

UAIR CÓDÁLA

AR GHUTHÁIN

Coimeád an litir síos le síneadh fada a aimsiú

AR RÍOMHAIRE

Brúigh Alt Gr + an litir le chéile le síneadh fada a fháil

Bain triail aisti - Surprise Yourself!