Ba chomhrá leanúnach Gaeilge é ‘Comhrá’ a bhí ar siúl ar líne gach bhliain. Glac go leor grúpaí páirt sa ‘Comhrá’ thar na blianta; grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, cumainn tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, stáisiúin raidió, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus go leor grúpaí pobail eile!
Stair Comhrá
Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a chloig cainte.
Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhair le Conradh na Gaeilge.
An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá ’17, 171 uair a chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a chloig cainte a bhaint amach i 2018. Le Comhrá ’19 agus Comhrá ’20, Comhrá’21 Comhrá’22 an sprioc a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Ghaeilge timpeall an domhain a bhaint amach. D’éirigh linn, agus sáróimid an churiarracht arís i mbliana le Comhrá ‘23. Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas thar na blianta.