Dún

Conas imeacht a reáchtáil ar Zoom

 

 

1. Cruthaigh cuntas zoom
Is gá a chinntiú go bhfuil cuntas zoom agat ar dtús.
Téigh go zoom.com agus déan íoslódáil ar an aip. Nuair a osclaíonn an aip, iarrfar ort síniú isteach. Is féidir leat úsáid a bhaint as do chuntas gmail má tá ceann agat, bíonn cúrsaí i bhfad níos tapúla má tá. Mura bhfuil, ná bí buartha, is féidir leat cuntas a chruthú tríd an gcnaipe “Sign Up Free”.
Agus cuntas cruthaithe agat, is féidir cruinnithe a reáchtáil, a stiúradh agus a sceidealú

NB: don am i láthair mar gheall ar chúrsaí COVID-19, tá zoom ar fáil gan srian ama ach de ghnáth, ní ceadaítear ach cruinniú 1v1 40 nóiméad leis an mbunphacáiste (saor in aisce). Faoi láthair, ceadaítear suas go 100 duine i gcruinniú agus níl srian ama i gceist ach is dócha go dtiocfaidh athrú ar seo tar éis tamaill. Tá roghanna eile amuigh ansin ar nós Google Meet/Duo, Skype atá saor in aisce ach nach bhfuil na deiseanna céanna ag baint leo.

2. Téigh i dtaithí ar an gcóras – bí ag pleidhcíocht thart leis na roghanna éagsúla!
Féach thíos an méid a bheas os do chomhair agus tú sinithe isteach. Is féidir leat anois cruinnithe a thosú, a reáchtáil agus a sceidealú. An rud is simplí le déanamh má tá cruinniú tapaidh uait, ná “new meeting” a bhrú. Agus an fhuinneog nua ar oscailt, téigh go “participants” agus brúigh ar an saghad beag le cuireadh a thabhairt do dhaoine. Má bhrúann tú ar “participants” osclófar bhfuinneog nua agus beidh an rogha cuireadh a thabhairt do dhaoine nó socraithe a bhaineann leis na daoine eile a athrú ar nós a gceamara a chasadh ar siúl a mhúchach, a mic a bhalbhú agus níos mó.
Mura bhfuil rphost ar leith ar eolas agat go ghlanmheabhair, is féidir an cnaipe “copy invite link” a bhrú agus an nasc a chur chuig an té eile pé bealach a dhéanann tú teagmháil leo de ghnáth go tapaidh – tríd whatsapp, google chat, slack, srl.

 


3. Déan cruinniú a sceidea

Má tá tú ag iarraidh cruinniú a sceidealú, níl ort ach “schedule” a bhrú agus sonraí an chruinnithe a chur isteach. Is féidir leat an cruinniú a chur le d’fhéirire agus cuireadh a thabhairt do dhaoine eile ansin tríd an bhféilire. Beidh an deis agat cúpla rud a shocrú roimh ré, ar nós teachtaireacht fáilte a shocrú, seomra feithimh a chur i bhfeidhm, agus cúpla rud eile.
Beidh an nasc don zoom mar chuid den imeacht ar an bhféilire agus beidh sé le feiceáil ar an bhféilire beag laistigh d’fhuinneog na haipe freisin má brúann tú ar “add calender” agus má nascann tú d’fhéilire leis – tá an rogha agat Google Calender, Outlook 365 nó Microsoft Exchange a nascadh leis.

4. Tabhair rochtain do zoom ceamara agus mic an ghléis a úsáid
Agus tú istigh sa chruinniú, iarrfar ort córas fuaime an ríomhaire a úsáid le nascadh leis an gcruinniú. Is gá cead a thabhairt do Zoom úsáid a bhaint as do cheamara agus do mhic sular féidir leat zoom a úsáid.

 

5. Roinn an chumhacht le daoine eile sa chruinniú, nó coimeád duit féin é
Tá zoom iontach mar go dtugtar an deis duit a bheith i gceannas ar an méid atá ar síúl ag daoine eile agus an cruinniú a stiúradh – fad is atá tú mar óstaí.
Má shocraíonn tú an cruinniú, beidh tú mar óstach go huathoibríoch.
Tá cead agatsa do scáileán a roinnt, ceamaraí daoine eile a mhúchadh agus a chasadh ar siúl, agus freisin is féidir leat daoine a bhalbhú nó a mic a chur ar siúl. Is féidir é seo ar fad a láimhseáil trí bhrú ar “participants” agus “more” a bhrú in aice le hainm an té – tiocfaidh na roghanna uilig in airde go soiléir in aice an ainm.
Bí ardallach, afach, má tá duine eile ag iarraidh a scáileán a roinnt, is gá iad a dhéanamh mar óstach nó mar chomhóstach – is féidir leat é seo a dhéanamh trí bhrú ar “participants” arís agus ar ainm an té, tiocfaidh roghanna in airde agus beidh “make host” agus “make co-host” mar dhá rogha sa liosta.
Molaimid “co-host” a bhrú ionas go mbeidh tú féin fós i gceannas ar an gcruinniú agus in ann é a stiúradh i gceart.

 

Tá súil againn go mbeidh an méid thuas cabhrach duit agus tú ag iarraidh d’imeachtaí a reáchtáil ar líne.
Má tá deacrachtaí fós agat, tar i dteagmháil linn agus déanfaimid iarracht cuidiú leat pé bealadh gur féidir.

Is féidir rphost a chur chugainn ag snag@cnag.ie

Bain triail aisti - Surprise Yourself!