Féach thíos go bhfuil roinnte smaointe & moltaí d’imeachtaí go bhféadfaí a reáchtáil mar imeacht Sheachtain na Gaeilge le Energia.
Sula leanann tú ort ag breathnú ar na moltaí thíos, ná dearmad gur féidir imeacht ar bith a reáchtáil as Gaeilge agus is féidir leis a bheith mar imeacht de chuid na féile. Ní gá don imeacht a bheith faoin teanga amháin
– is féidir leis a bheith bunaithe ar chultúr na tíre nó ábhar eile ar bith.
- Maidin Tae / Caife
- Turas Dúlra / Stairiúil
- Picnic Ghaelach
- Aonach Leabhar
- Lá Spóirt
- Turas chuig leabharlann áitiúil
- Turas chuig iarsmalann áitiúil
- Léamh gearrscéalta do ghasúir
- Cuairt chuig Dánlann
- Seó Puipéid
- Smidiú Aghaidhe & Balúin
- Cóisir do Pháistí
- Mórshiúl Sráide
- Turas Rothaíochta
- Díolachán Cácaí / Bácáil
- Potaireacht
- Cócaireacht
- Amhránaíocht
- Ceol
- Damhsa
- Scríbhneoireacht / Filíocht
- Cniotáil / Fuáil
- Cóiriú Bláthanna
- Ióga
- Scileanna Sorcais
- Surfáil
- Grianghrafadóireacht
- Ealaín
- Ábhar Ceardaíochta
- Cultúr / Oidhreacht
- Scannáin Ghaeilge
- Seó Faisin
- Céilí / Ceolchoirm
- Dráma
- Geamaireacht
- Seó Tallainne
- Oíche seanchais / scéalaíochta
- Seisiún Ceoil Traidisiúnta
- Blaiseadh Fíona / Bia
- Léacht
- Comhrá Gaeilge
- Oíche Filíochta
- Comórtas Haiku
- Cáirióice as Gaeilge
- Dioscó Gaelach
- Seoladh Leabhair / Albaim
- Taispeántas Scannán
- An Ghaeilge Factor
- Comórtas Talainne
- (ceol, damhsa, amhrán, dán, dráma, greann, hiopnóiseachas, draíocht!)
- Amhránaíocht
- Ceol
- Damhsa
- Ealaín
- Filíocht
- Scéalaíocht
- Tráth na gCeist
- Bréagchomórtas Teilifíse
- Coinne Chéad Aithne
- Babhláil
- Peil / Iománaíocht
- Snámh & Spórt eile
- Tóraíocht Taisce
- Culaith Bhréige
- Biongó
- Díospóireacht
- Taispeántas na bhFuinneog
- Gúrú Gramadaí na Gaeilge
- Bácáil
- Imirt Cártaí
- Púl / Snúcar
- Geandáil Ghasta
- Cad é an pictiúr?
- Dúrún Dúnmharaithe
- Milliúnaí?
- Clasaic Gailf
- Clár raidió ar an stáisiún áitiúil
- Bronnadh na bhFáinní
- Téama i siúlóid Lá Fhéile Pádraig
Ceilí
Le socrú:
Ionad, ceol beo más féidir nó iPod, córas fuaime, damhsaí a bheith ar eolas ag na heagraithe, fear/bean an tí den scoth a spreagfaidh daoine.
Eile:
Cuireann spotduaiseanna & cluichí ar nós Damhsa na nDealbh go mór le céilí (nuair a bhíonn ar dhaoine stopadh nuair a stoptar an ceol, is féidir é a dhéanamh níos suimiúla agus srón le srón agus tuilleadh a dhéanamh!)
Ceolchoirm
Le socrú:
Banna mór le rá le Gaeilge nó ceann a chanann amhráin Ghaeilge ar na halbaim Ceol; Póstaeir; Cinntiú go labhraíonn an banna Gaeilge leis an slua agus/nó go gcanann siad amhráin as Gaeilge má tá siad acu; Bannaí áitúla a bhfuil amhráin Ghaeilge acu a chur ar siúl roimh ré, ionad, slua mór, beár, slándáil, córas fuaime, is fearr seo a shocrú in ionad a bhfuil siad seo ann cheana.
Dráma
Le socrú:
Ionad; stáitse; cúlra; aisteoirí nó grúpa drámaíochta.
Eile:
Is féidir dráma atá ann cheana a léiriú, ceann úr a scríobh nó ceann i dteanga eile a aistriú. Caithfear stiúrthóir a bhfuil taithí aige/aici a fháil. Is fearr líon na gcarachtar a choinneáil íseal don chéad iarracht.
Is féidir scoileanna meánleibhéal a mhealladh más drama é a bhfuil baint aige leis an gcuraclam scoile.
Maidin Caife
Le socrú:
Ionad le suíocháin, am oiriúnach do dhaoine (i ndiaidh páistí a fhágáil ar scoil / roimh léacht), áit le caife/tae a dhéanamh.
Le fáil:
málaí tae, caife, brioscaí, bainne, siúcra, cupáin, spúnóga, bosca bruscair.
Le déanamh:
Póstaeir a chrochadh, ríomhphost & téacsanna a scaipeadh.
Cuir stáisiún raidió Gaeilge nó ceol Gaeilge ar siúl!
Tráth na gCeist
Pinn, páipéar, clár bán agus maircéirí buana, ceartaitheoirí na mbabhtaí, 7 nó 8 mbabhta do 8 go 10 gceist.
Tá go leor ceisteanna sa lámhleabhar tacaíochta agus ar snag.ie ach déan cinnte roimh ré go bhfuil siad oiriúnach don ghrúpa! Ba chóir babhtaí ceoil agus pictiúir a bheith ann; duaiseanna; leathanaigh, ionad, ar nós tí tábhairne nó eile, suíocháin agus boird. Is féidir tráth na gceist a chur ar siúl do charthanacht. Is fiú duine a bhfuil taithí aige/aici caint os comhair slua a fháil.
Díospóireacht
Dhá fhoireann de thriúr a bhfuil taithí acu. Is fearr rún spéisiúil/greannmhar/conspóideach a roghnú, ionad ar nós léachtlainne, fear nó bean an tí chun daoine a chur i láthair, moltóirí, duine leis an am a thomhas, cloigín nó díreach cnag ar an mbord ag am faoi leith. Uisce do na cainteoirí, póstaeir/ríomhphost le daoine a spreagadh le teacht, nascadh le foireann díospóireachta áitiúil. Is féidir seo a dhéanamh níos feiceálaí/tarraingtí trí chainteoirí mór le rá a fháil ann le caint ar na hábhair chomh maith.