Cliceáil ar an gceist le tuilleadh eolais a fháil
Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge, a shíolraigh ón tSean-Ghaeilge. Is cosúil gur shíolraigh na teangacha Ceilteacha ar fad ón gComh-Cheiltis agus gur shíolraigh sí sin ón Ind-Eorpais.
Ní féidir bheith cinnte ach meastar go bhfuil sí anseo le 2500 bliain. Bhí teangacha eile in Éirinn roimpi ach faoi 500AD, bhí an Ghaeilge á labhairt ar fud na hÉireann agus ag leathnú trí Albain, cósta thiar na Breataine agus Oileán Mhanann.
Is iad na hiarsmaí is sine dá bhfuil againn den Ghaeilge scríofa ná clocha Oghaim ón 5ú agus 6ú haois. Cuireadh tús le scríobh na Gaeilge san aibítir Rómhánach roimh thús na 7ú haois. Fágann sin gurb í an Ghaeilge an teanga scríofa is sine dá bhfuil fós á labhairt lastuaidh de na hAlpa.
Idir 900 agus 1200AD, fuarthas roinnt iasachtaí ón Lochlannais, mar shampla ‘pingin’ agus ‘margadh’; agus ó Fhraincis na Normannach ina dhiaidh sin, mar shampla ‘cúirt’ agus ‘garsún’. De réir a chéile, ghlac na hAngla-Normannaigh leis an nGaeilge agus faoi thús an 16ú céad, ba chainteoirí Gaeilge formhór phobal na hÉireann arís.
In ainneoin go raibh Gaeilge ag formhór na ndaoine idir 1200 agus 1600AD, níor theanga riaracháin í riamh agus bhí Béarla ag teastáil le haghaidh gnóthaí riaracháin agus dlí. Bualadh buillí troma ar an nGaeilge le linn an 16ú agus 17ú céad mar gheall ar na plandálacha, Cogadh an Dá Rí agus achtú na bpéindlíthe. Bhí stádas na Gaeilge mar mhórtheanga caillte cé go raibh an Ghaeilge ag formhór phobal na tuaithe; agus thosaigh an pobal ag tarraingt an Bhéarla chucu féin, go háirithe i rith agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.
I measc forbairtí eile, bunaíodh Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in 1876 agus d’éirigh leo aitheantas a ghnóthú don Ghaeilge sa chóras oideachais. In 1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge ar eascair gluaiseacht mhór tacaíochta don teanga labhartha as. Tá go leor dul chun cinn déanta sa 122 bliain uaidh sin ar aghaidh agus tá na buaicphointí le feiceáil sa rannóg Amlíne Staire.
De réir daonáirimh 2011 sna 26 contae:
- tá 1,774,437 duine in ann an Ghaeilge a labhairt – is ionann sin agus 41% den daonra.
- labhraíonn 77,185 duine an Ghaeilge gach lá (lasmuigh den chóras oideachais) – is ionann sin agus 1.8% den daonra
- labhraíonn 110,642 an Ghaeilge go seachtainiúil
- labhraíonn 613,236 an Ghaeilge níos lú ná seachtainiúil
- tá duine amháin as gach ceathrar nach labhraíonn an Ghaeilge riamh
Is ionann sin agus 18.7% den daonra a labhraíonn an Gaeilge gach lá, gach seachtain nó níos lú ná sin
tá 167,490 duine a bhfuil eolas éigin acu ar an nGaeilge – is ionann sin agus 10.4% den daonra
- tá 75,125 duine a labhraíonn, a léann, a scríobhann agus a thuigeann an Ghaeilge – is ionann sin agus 4% den daonra