Fáilte go suíomh Sheachtain na Gaeilge le Energia
Is féidir ordú a chur isteach ar ábhar thacaíochta ar líne anois. Tá liosta iomlán den rogha ábhair le feiceáil chomh maith le praghsanna nua. Tá súil againn go gcabhróidh seo libh agus sibh ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge le Energia.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le foireann PEIG.ie a bhfuil ag cabhrú go mór linn i mbliana agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia á gclárú leo. Is iontach an deis é bhur n-imeacht a chlárú leo mar go mbeidh gach eolas orthu le feiceáil ar aip Sheachtain na Gaeilge, a bhfuil íoslódáilte ag os cionn 11,000 daoine.
Tá súil againn go mbainfidh sibh leas agus spraoi as an suíomh nua. Má tá ceist ar bith agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an leathanach teagmhála. Ag súil go mór le féile eile a cheiliúradh libh.
Le meas,
Foireann Sheachtain na Gaeilge
Orlaith, Edel, Seán