Close

Welcome to Snag.ie!

Welcome to our new Seachtain an Gaeilge website. We are very excited that the new website is ready in time for Seachtain na Gaeilge with Energia 2017.

Chomh maith lena bheith i bhfad níos simplí le húsáid, tá i bhfad níos mó eolais ar an suíomh seo chomh maith;

Is féidir ordú a chur isteach ar ábhar thacaíochta ar líne anois – i bhfad níos áisiúla! Tá liosta iomlán den rogha ábhair le feiceáil chomh maith le na praghsanna. Freisin tá an rogha anois le híoc astu ar líne don chéad uair riamh. Tá súil againn go ndéanfaidh seo an saol níos éasca daoibh agus sibh ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge le Energia.

Tá athnuachan déanta againn ar chomórtas SnaG i mbliana. Tá comórtas úr nua againn in éineacht le SULT & The Irish Daily Mail – is féidir chur isteach ar an gcomórtas seo ar an leathanach Comórtais Óige. Fógrófar na buaiteoirí i SULT, clár oifigiúil na féile a mbeidh ar fáil saor in aisce leis The Irish Daily Mail Satharn 25 Feabhra. I dteannta le seo tá comórtais clár raidió, blagáil, filíocht, ealaín.. Rannóga oiriúnach do gach aoisghrúpa! An spriocdháta do na hiarratais ná 24 Márta. Go n-éirí libh!

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ag Peig.ie a bhfuil ag cabhrú go mór linn i mbliana agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia á gclárú leo. Is iontach an deis é bhur n-imeacht a chlárú leo mar go mbeidh gach eolas orthu le feiceáil ar aip Sheachtain na Gaeilge, a bhfuil íoslódáilte ag os cionn 11,000 daoine.

Tá súil againn go mbainfidh sibh leas agus spraoi as an suíomh nua. Má tá ceist ar bith agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an leathanach teagmhála anseo.

 

0 Comments

Comments are closed

Bain triail aisti - Surprise Yourself!