#LNMS17
Leis an méid Gaeilge a úsáidtear ar líne ag fás in aghaidh an lae, bheartaigh foireann Sheachtain na Gaeilge gur chóir dúinn céiliúradh a dhéanamh ar seo agus lá faoi leith a roghnú le céiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge ar líne le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia. Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne. Is féidir Gaeilge a roghnú mar do theanga ar Facebook, Gmail, Twitter agus go leor eile.
Tá obair na gcapall déanta ag Facebook agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile leis an teanga a chur chun cinn agus bíonn na mílte ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta.
Ar Déardaoin 16 Márta 2017 bhí Lá na Meán Sóisialta againn. D’iarramar ar dhaoine fud fad an domhain a gcuid Gaeilge a úsáid ar an lá seo ach go háirithe. Le páirt a glacadh ní raibh ort ach postáil a chur in airde ar chuntas ar ardán ilmheánach ar bith agus an haischlib #LNMS17 a chur leis. Chomh simplí le sin!
D’éirigh go hiontach leis an lá mar fheachtas idirnáisiúnta. Seoladh os cionn 3,000 tvuíteanna leis an #LNMS17, gan dearmad a dhéanamh comh maith ar na céadta póstálacha a cuireadh in airde ar Facebook, Instagram agus Snapchat. Bhí an haischlib sa dara áit ag treochtú in Éirinn ar Twitter comh maith. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa lá.
An mbeidh tú linn an bhliain seo chugainn?
Mar chuid de Lá na Meán Sóisialta, reáchtáladh imeacht i gceannoifigí Facebook i mBaile Átha Cliath do dhaltaí meánscoile – d’fhreastal os cionn 80 dalta meánscoile ó 7 scoileanna fud fad na tíre air. Tógadh ar thuras timpeall na hoifigí iad sular éisteadar le painéal iontach cuimsitheach d’aoíchainteoirí. Is é an t-ábhar a bhí á plé ag an bpaineál ná neart na teanga ar líne sa lá ata inniu ann agus na buntáistí a bhaineann léithi sna gairmeacha proifisiúnta atá acu. Is féidir breathnú ar chraoladh beo den phainéal thuas – caint iontach spreagúil a bhí ann!

- ~ Athraigh do chuntas FB go Gaeilge
- ~ Bí páirteach i ngrúpaí ar FB ar nós Gaeilge Amháin (Grúpa do phobal na Gaeilge timpeall an domhain)
- ~ Cuir postálacha as Gaeilge in airde ar do leathanach féin

- ~ Athraigh do chuntas Twitter go Gaeilge
- ~ Bain úsáid as na haischlibeanna #SnaG17 & #Gaeilge

Snapchat
- ~ Lean cuntais Ghaeilge ar nós CnaGaeilge nó TG4TV
- ~ Bí ag scríobh as Gaeilge ar do ghrianghraif

- ~ Lean cuntais Ghaeilge ar nós Raidió Rí-Rá, Seachtain na Gaeilge nó Conradh na Gaeilge

GMAIL


LINUX

MICROSOFT OFFICE

HOUR OF CODE

AR GHUTHÁIN
Coimeád an litir síos le síneadh fada a aimsiú
AR RÍOMHAIRE
Brúigh Alt Gr + an litir le chéile le síneadh fada a fháil