Close
Singing & Music

Is breá le páistí a bheith ag canadh agus ag ceol – cén fáth nach ndéanfá i nGaeilge leo é? Roghnaigh amhrán leis an rang agus déan é a aistriú go Gaeilge leo(má’s rang sinsir é).

Tá dlúthdhioscaí ceoil ar fáil ar phraghas €10 ó irishmusicmail.ie nó is féidir dul ar youtube.ie chun éisteacht leis na amhráin a bhí taifeadta do SnaG le cúpla bliain anuas. Amhráin aitheanta atá an-éasca le foghlaim atá ann agus tá na liricí ar fáil ar an suíomh www.snag.ie.

Imeacht: D’fhéadfá múinteoirí Lá Ceoil a eagrú sa scoil, agus ar a laghad amhrán nó píosa ceoil amháin le taispeáint ag gach rang sa scoil.

Bingo

Bealach an-éasca leis na huimhreacha a chleachtadh.

Imeacht: Eagraíonn duine am agus áit le biongó trí Ghaeilge a chur ar siúl – idir scolairí agus múinteoirí, nó scolairí d’aoiseanna difriúla. D’fhéadfá é a dhéanamh mar chuid de ‘Lá Mór na Gaeilge’, nó imeacht leanúnach a dhéanamh as san oíche agus cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí páirt a ghlacadh freisin – leithscéal ar bith an Ghaeilge a chleachtadh!!

Treasure Hunt

Imeacht: Roinn an rang i ngrúpaí de 4/5. Cuir duais/bronntanas i bhfolach atá éigin sa seomra/scoil/chlós. D’fhéadfadh an duais seo a bheith mar lá saor ón obair bhaile mura bhfuil aon duais ‘ceart’ agat.

Ansin, cur leid amháin thuas ar an gclár. Bíodh leideanna eile agat curtha timpeall an tseomra/na scoile srl. nó bíodh ar na daltaí ceist a chur ar an bpríomhoide nó múinteoir eile chun níos mó eolais a fháil amach.

Tabharfaidh an t-imeacht seo deis do dhaltaí a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh agus a gcuimse teanga a scrúdú – d’fhéadfá cinne a dhéanamh le múinteoirí eile sa scoil agus na dáltaí a chur ar thóraíocht timpeall na scoile.

Art class / PE as Gaeilge

Ná déan dearmad gur féidir gnáthcheacht scoile a reáchtáil as Gaeilge. m.sh.: má tá cluiche peile/iománaíochta/cispheile, srl. ar siúl sa rang corpoideachais, déan as Gaeilge é! Bíodh ar na daltaí Gaeilge a labhairt sa rang – ‘caith an liathróid, téigh leat féin! Anseo, anseo!

Ar chlé/ar dheis! Táimse saor!’ srl.. Fiú sa rang mata, bíodh ar na daltaí Gaeilge a úsáid agus iad ag comhaireamh nó ag glaoch amach na n-uimhreacha. Bheadh ‘Stór focail an Lae‘ úsáideach ar an gclár bán don lá le cuidiú leo.

Speak with a local person

Déan teagmháil le duine áitiúil – staraí/údar/file/amhránaí mór le rá. Uaireanta, ceaptar go mbíonn sé an-deacair na daoine seo a mhealladh ach is fiú go mór teagmháil a dhéanamh leo go luath.

Fiú mura bhfuil tú in ann teacht ar dhuine cáiliúil, faigh duine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil – láithreoir ón stáisiún raidió áitiúil a bhíonn ag craoladh as Gaeilge. Is rud an-tábhachtach é go bhfeiceann na daltaí go bhfuil úsáid agus fiúntas ag baint leis an nGaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.

Mental Health

Déan plé ar chúrsaí meabhairshláinte trí Ghaeilge. Tá acmhainn iontach darb ainm BRÓGA CRÓGA curtha le chéile ag Ospidéal Ollscoil Phádraig le cuidiú libh. Déan íoslódáil ar an bpacáiste ANSEO!

Bain triail aisti - Surprise Yourself!