CIONNÍOLLACHA DO NA COMÓRTAIS :
- Caithfear liosta clóscríofa le hainm agus sloinne gach dalta, seoladh na scoile agus rannóg an chomórtais a chur chuig snag@cnag.ie le teastais a fháil (ar mhaithe le hainmneacha a bheith cruinn ar na teastais). Muna ndéantar sin ní féidir linn teastais a chur ar fáil don scoil.
GRADAM NA mBUNSCOILEANNA
An Leabhar is Fearr Linn:
Cuir póstaeir eolais & leabhrán beag le chéile faoin leabhar is fearr libh. Is féidir le ranganna iomláin nó grúpaí níos lú cur isteach air. Moltar go mbeadh idir 5-10 leathanach sa leabhrán agus go mbeadh póstaer A2 ag dul leis.
Duais: Dearbhán ar luach €300 don Siopa Leabhar (www.cnag.ie/siopa)
GRADAM NA niAR-BHUNSCOILEANNA – DON IDIRBHLIAIN ACH GO HÁIRITHE
Físeán le cruthú:
Cuir físeán 3 nóiméad, le chéile ar cheann de na téamaí seo a leanas:
- An Aip Ghaeilge is Fearr Liom
- An Ghaeilge ar an Idirlíon
- Gnó as Gaeilge
- An Ghaeilge sa Chlós Scoile
- An Ghaeilge i mo Cheantar
Seol d’iarratas chuig snag@cnag.ie
An Chéad Duais: Dearbhán don Scoil Surfála – Rang do 24 dalta ar luach €400.
An Dara Duais: Dearbhán do Choláiste na bhFiann – 2 x Dearbhán €300 do chúrsa Gaeltachta.
CLÁR RAIDIÓ
- Comórtas grúpa atá i gceist sa chomórtas seo – moltar ar a laghad 4 dhuine an grúpa
- Fad an chláir raidió 30 nóiméad ar a mhéad, le seoladh ar CD nó cnaipe cuimhneacháin
BLAGÁIL
- Comórtais aonair atá i gceist sa chomórtas seo
- Is aiste atá i gceist ach samhlaigh go bhfoilseofar ar líne é (glacfar le hiarratais lámhscríofa)
- Is féidir é a bhunú ar aon ábhar, msh alt iriseoireachta, gearrscéal, léirmheas, dírbheathaisnéis srl
- Is féidir é a sheoladh trí r-phost go snag@cnag.ie
FILÍOCHT
- Comórtais aonair ata i gceist sa chomórtas seo
- Is féidir na píosaí filíochta a bhunú ar aon ábhar
EALAÍN (Don Bhunscoil)
- Comórtas aonair atá i gceist sa chomórtas seo
- Bíodh an píosa ealaíne bunaithe ar ‘Tionchar na Gaeilge ar mo shaol/bhaile féin’ nó Seanfhocail.
- Mar shampla:
- Ceol trí Ghaeilge
- Spórt trí Ghaeilge
- Laochra na Gaeilge
- Oidhreacht na Gaeilge i mo bhaile
- Gaeilge sa bhaile/ar scoil