Close

Comhrá’21

Cad é?

  • Is comhrá leanúnach Gaeilge é ‘Comhrá’ a bhíonn ar siúl ar líne gach bhliain. Glacann go leor grúpaí páirt sa ‘Comhrá’; grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, cumainn tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, stáisiúin raidió, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus go leor grúpaí pobail eile!

Cathain? 

  • Bhí Comhrá ‘21 ar siúl ó 12/10/2021 go 14/10/2021.

 

Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh ann?

 

  • Úsáidtear Zoom le comhrá leanúnach a cruthú. Mar sin, tá sé an-éasca a bheith páirteach ar ríomhaire nó fón. Bíonn grúpaí ó Ghaillimh go dtí an Áise, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh páirteach linn. An rud is tábhachtaí ná, is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil tú, tá muid ag iarraidh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

Cén fáth?

 

  • Tá sé mar aidhm againn an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain agus daoine a spreagadh chun an teanga a labhairt. Mar a deir an seanfhocal; ‘Beatha teanga í a labhairt!’

 

Stair Chomhrá?

 

  • Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhair le Conradh na Gaeilge. An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá ’17, 171 uair a chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a chloig cainte a bhaint amach i 2018. Le Comhrá ’19 agus Comhrá ’20 an sprioc a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Ghaeilge timpeall an domhain a bhaint amach. D’éirigh linn, agus sáróimid an churiarracht arís i mbliana le Comhrá ‘21. Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas thar na blianta.
0 Comments

Comments are closed

Bain triail aisti - Surprise Yourself!