Spriocanna an Chiste:
- Spreagadh a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa phobal i ndiaidh cúpla bliain deacair toisc na paindéime
- Spreagadh chun gnímh a thabhairt do ghrúpaí pobal laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht le himeachtaí sa phobal a eagrú arís
- Úsáid a bhaint as Seachtain na Gaeilge le Energia 2022 mar fhócas leis an spreagadh seo a thabhairt don phobal agus an fhoirm iarratais ar oscailt le linn mhí Márta 2022
Spriocanna Thánaisteacha an Chiste a thabharfar aird orthu sna hiarratais ar mhaoiniú:
- Daoine a mhealladh le bheith gníomhach sna himeachtaí nár ghlac páirt in imeachtaí ar líne i rith na paindéime toisc teicneolaíochta nó eile
- Daoine nua ó chúlraí éagsúla a mhealladh nár ghlac páirt in imeachtaí Gaeilge roimhe seo
- Cuidiú le grúpaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa phobal
- An ciste a dháileadh ar fud na tíre le himeachtaí eagraithe i ngach contae (sna 26 contae amháin*)
Coinníollacha an Chiste:
- Deontais ar fáil d’imeachtaí a bheas ag tarlúint idir 1 Aibreán & 30 Meitheamh 2022
- Glacfar le hiarratais go dtí 31 Márta 2022
- Ní féidir le scoileanna nó údaráis áitiúla cur isteach ar an gciste.
- Ní féidir leis an gciste maoiniú a chur ar fáil d’imeachtaí polaitiúla
- Is féidir cur isteach ar an gciste d’imeachtaí dátheangacha ach caithfidh go mbeadh an Ghaeilge lárnach san imeacht
- Má ghlactar leis an maoiniú ón gciste, glacann an grúpaí le plean poiblíochta an chiste (Go mbeadh lógóanna Seachtain na Gaeilge le Energia, Conradh na Gaeilge & an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le feiceáil ar ábhair phoiblíochta don imeacht & go mbeadh na haisclibeanna cuí don scéim in úsáid ar phóstáileacha ar na meáin shóisialta)
- Tá an scéim seo teoranta d’imeachtaí sna 26 contae amháin.
- Beidh deontais de €1,000 le bronnadh ón gciste
* I 2021 chomhordaigh Seachtain na Gaeilge le Energia ciste de £150,000 le maoiniú ón Roinn Pobail ó thuaidh d’imeachtaí i rith Sheachtain na Gaeilge sna 6 chontae amháin. D’éirigh le 50 grúpa maoiniú a bhaint amach as an gciste sin

