Dún

Ceardlanna Raidió

Tá an deis ag aon ghrúpa a chuireann isteach ar an gComórtas Raidió Sheachtain na Gaeilge le Energia, ceardlann Raidió le Raidió Rí-Rá a bhuachaint dá scoil.

Mar gheall ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil dúinn ón BAI, tá an-áthas ar fhoireann Sheachtain na Gaeilge le Energia a rá go mbeidh 12 cheardlanna raidió á reáchtáil timpeall na tíre againn, do dhaltaí bunscoile agus meánscoile. Foghlaimaíonn rannpháirtithe scileanna cumarsáide, eagarthóireachta agus léiriúcháin. Is deis iontach iad na ceardlanna do dhaltaí léargas a fháil ar ghairm na craoltóireachta agus cuirtear buntáiste na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga ina luí orthu.

Ní mór daoibh iarratas a chur isteach ar an gcomórtas raidió go mbeidh sibh i dteideal do cheardlann raidió.

Bíonn ceardlanna raidió á reáchtáil ag foireann Sheachtain na Gaeilge le Energia timpeall na tíre do dhaltaí bunscoile agus meánscoile. Foghlaimaíonn rannphairtithe scileanna cumarsaíde, eagarthóireachta agus léiriúcháin. Is deis iontach iad na ceardlanna do dhaltaí léargas a fháil ar ghairm na craoltóireachta agus cuirtear buntáiste na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga ina luí orthu. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na ceardlanna cuir ríomhphost chuig snag@cnag.ie.

Bain triail aisti - Surprise Yourself!