Dún

Foirm Iontrála

CIONNÍOLLACHA DO NA COMÓRTAIS :

  • Caithfear liosta clóscríofa le hainm agus sloinne gach dalta, seoladh na scoile agus rannóg an chomórtais a chur chuig snag@cnag.ie le teastais a fháil (ar mhaithe le hainmneacha a bheith cruinn ar na teastais). Muna ndéantar sin ní féidir linn teastais a chur ar fáil don scoil.

GRADAM NA mBUNSCOILEANNA

An Leabhar is Fearr Linn:

Cuir póstaeir eolais & leabhrán beag le chéile faoin leabhar is fearr libh. Is féidir le ranganna iomláin nó grúpaí níos lú cur isteach air. Moltar go mbeadh idir 5-10 leathanach sa leabhrán agus go mbeadh póstaer A2 ag dul leis.

Duais: Dearbhán ar luach €300 don Siopa Leabhar (www.cnag.ie/siopa)

GRADAM NA niAR-BHUNSCOILEANNA – DON IDIRBHLIAIN ACH GO HÁIRITHE

Físeán le cruthú:

Cuir físeán 3 nóiméad, le chéile ar cheann de na téamaí seo a leanas:

  • An Aip Ghaeilge is Fearr Liom
  • An Ghaeilge ar an Idirlíon
  • Gnó as Gaeilge
  • An Ghaeilge sa Chlós Scoile
  • An Ghaeilge i mo Cheantar

Seol d’iarratas chuig snag@cnag.ie

An Chéad Duais: Dearbhán don Scoil Surfála – Rang do 24 dalta ar luach €400.

An Dara Duais: Dearbhán do Choláiste na bhFiann – 2 x Dearbhán €300 do chúrsa Gaeltachta.

CLÁR RAIDIÓ

  • Comórtas grúpa atá i gceist sa chomórtas seo – moltar ar a laghad 4 dhuine an grúpa
  • Fad an chláir raidió 30 nóiméad ar a mhéad, le seoladh ar CD nó cnaipe cuimhneacháin

BLAGÁIL

  • Comórtais aonair atá i gceist sa chomórtas seo
  • Is aiste atá i gceist ach samhlaigh go bhfoilseofar ar líne é (glacfar le hiarratais lámhscríofa)
  • Is féidir é a bhunú ar aon ábhar, msh alt iriseoireachta, gearrscéal, léirmheas, dírbheathaisnéis srl
  • Is féidir é a sheoladh trí r-phost go snag@cnag.ie

FILÍOCHT

  • Comórtais aonair ata i gceist sa chomórtas seo
  • Is féidir na píosaí filíochta a bhunú ar aon ábhar

EALAÍN (Don Bhunscoil)

  • Comórtas aonair atá i gceist sa chomórtas seo
  • Bíodh an píosa ealaíne bunaithe ar ‘Tionchar na Gaeilge ar mo shaol/bhaile féin’Seanfhocail.
  • Mar shampla:
    • Ceol trí Ghaeilge
    • Spórt trí Ghaeilge
    • Laochra na Gaeilge
    • Oidhreacht na Gaeilge i mo bhaile
    • Gaeilge sa bhaile/ar scoil
Bain triail aisti - Surprise Yourself!