Dún

Ciste Tacaíochta

Tá Ciste Tacaíochta do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023 oscailte anois

Cuireann Seachtain na Gaeilge le Energia deontais bheaga ar fáil do chraobhacha Chonradh na Gaeilge agus grúpaí pobail le himeachtaí a reáchtáil le linn na féile.

Coinníollacha:

  • Caithfidh an t-imeacht a bheith ar siúl idir 1 agus 17 Márta 2023
  • Caithfidh an Ghaeilge a bheith lárnach san imeacht, is féidir leis an imeacht a bheith dátheangach
  • Ní féidir le scoileanna cur isteach ar an gciste
  • Ní féidir le grúpaí ach iarratas amháin a chur isteach
  • Caithfear an t-imeacht a chlárú ar PEIG sula gcuirfear aon mhaoiniú ar fáil
  • Ní mór don ghrúpa grianghraif ón imeacht a sheoladh go snag@cnag.ie
  • Ní ghlacfar le haon iarratais tar éis 11:00rn ar an 27 Eanáir 2023

Tuilleadh eolais: snag@cnag.ie

Bain triail aisti - Surprise Yourself!