Dún

Ceisteanna Coitianta

         

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1: Cathain a bhíonn Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl?

  • Ritheann Seachtain na Gaeilge ón 1 go dtí an 17ú de Mhárta gach bliain.

 

2: Cá háit a mbíonn Seachtain na Gaeilge ar siúl?

  • Bíonn Seachtain na Gaeilge ar siúl in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain. 

 

3: Cén saghas imeachtaí a bhíonn ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia?

  • Bíonn réimse leathan de imeachtaí ar siúl, ó ceolchoirmeacha ceoil, turais staire, céilís, ciorcal comhrá, leachtaí, oícheanta filíochta agus go leor eile.

 

4: Cathain a cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge?

  • Tá Seachtain na Gaeilge ag rith ón mbliain 1902.

 

5: Cén aidhm atá ag Seachtain na Gaeilge?

  • Tugann an féile deis do dhaoine taitneamh a bhaint as an Ghaeilge. Tá féilire d’imeachtaí siamsúla agus spraoi ann do gach cineál suime.

 

6: Cén fáth nach seachtain amháin atá i gceist le Seachtain na Gaeilge le Energia?

  • Leis an bhféile ag fás ó neart go neart, beartaíodh é a shineadh amach go 17 lá, ach coimeádadh an t-ainm mar atá mar go bhfuil an branda aitheanta fud fad an domhain

 

7: Cén fáth go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge?

  • Trí tú féin a chur in iúl i nGaeilge, tá cultúr agus stair na hÉireann a gcur in iúl agat. Tugann an Ghaeilge tuiscint duit ar bhealach smaointeoireachta na hÉireann.

 

8: Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh ann?

  • Tá go leor bealaí ann le páirt a ghlacadh. Eagraigh nó bí i láthair d’imeacht le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia. Déan cleachtadh ar Ghaeilge a labhairt níos mó sa bhaile, nó le do chairde, ar an bhfón, nó ar na meáin shóisialta.

 

9: Níl ach cúpla focal agam i nGaeilge – an féidir liom a bheith páirteach ann?

  • Is cuma mura bhfuil ach cúpla focal agat, tá fáilte mhór roimh gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus tá go leor imeachtaí ar fáil do gach leibhéal.

 

10: Cén bhaint atá ag Energia le Seachtain na Gaeilge?

  • Is é Energia an príomhurraitheoir do Sheachtain na Gaeilge. 

 

11: Cé hiad na hambasadóirí?

  • Bhí an-áthas orainn go raibh Eimear Considine, James Kavanagh agus Gráinne McElwain mar ambasadóirí linn i mbliana. Tá ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2021 fós le fógairt againn.

 

12: An bhfuil comórtais ann do gach aois ghrúpa?

  • Tá. Tá roghanna iontacha do chomórtais ann do dhaltaí bunscoile, daltaí meánscoile agus clubanna óige, idir chomórtas dathúcháin, an clár raidió is fearr agus an fhilíocht is fearr. Is féidir teacht ar na comórtais anseo.

 

13: An féidir liom imeacht a chruthú mé féin?

  • Is féidir go cinnte agus molaimid é sin go mór! Is féidir é a chlárú anseo.

 

14: Cad iad na hacmhainní atá ann do scoileanna?

  • Is féidir póstaer agus lámhleabhar le moltaí, eolas faoi imeachtaí, tráth na gceist agus eile a íoslódáil anseo, tá liosta de smaointe d’imeachtaí againn anseo agus tráth na gceist i bhfoirm Powerpoint le fáil anseo.

 

15: An mbíonn imeachtaí ar siúl thar lear?

  • Bíonn, is féidir teacht ar liosta na n-imeachtaí anseo, tá lámhleabhar againn do phobal na Gaeilge thar sáile anseo. Tá moltaí le haghaidh imeachtaí againn anseo más maith leat ceann a chruthú agus is féidir imeachtaí a chlárú anseo freisin. 

 

16: An mbíonn na dátaí céanna i gceist gach bliain?

  • Bíonn. Gach bliain, bíonn Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl idir 1-17 Márta, 

 

17: An féidir le mo scoil a bheith páirteach ann?

  • Is féidir go cinnte! Is féidir póstaer agus lámhleabhar le moltaí, eolas faoi imeachtaí, tráth na gceist agus eile a íoslódáil anseo, tá liosta de smaointe d’imeachtaí againn anseo agus tráth na gceist i bhfoirm Powerpoint a fháil anseo.

 

18: Conas gur féidir liom imeacht a chlárú?

  • Is féidir imeacht a chlárú le PEIG.ie ag an nasc seo.

 

19: Tá spéis agam sa Ghaeilge, conas gur féidir liom leanúint leis tar éis Sheachtain na Gaeilge le Energia?

  • Maith thú! Bíonn ranganna ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile más maith leat cur le do chuid Gaeilge. Bíonn Pop-Up Gaeltachtaí ann ar fud na cruinne agus go míosúil i mBaile Átha Cliath agus imeachtaí eile ar nós ciorcail comhrá anseo. Tá an Ghaeilge le fáil ar na meáin shóisialta (ar nós @cnagaeilge agus @snagaeilge) agus is féidir Fáinne Óir nó Fáinne Airgead a cheannach sa Siopa Leabharar líne le léiriú do dhaoine go bhfuil Gaeilge agat. Go n-éirí leat!
Bain triail aisti - Surprise Yourself!