Dún

Archive for category: Uncategorized @ga

Comhrá ’23

Cad é?

  • Is comhrá leanúnach Gaeilge é ‘Comhrá’ a bhíonn ar siúl ar líne gach bhliain. Glacann go leor grúpaí páirt sa ‘Comhrá’; grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, cumainn tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, stáisiúin raidió, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus go leor grúpaí pobail eile!

 

Cathain? 

  • Beidh Comhrá ‘23 ar siúl ó 09/10/2023 go 12/10/2023.

 

Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh ann?

  • Úsáidtear Zoom le comhrá leanúnach a cruthú. Mar sin, tá sé an-éasca a bheith páirteach ar ríomhaire nó fón. Bíonn grúpaí ó Ghaillimh go dtí an Áise, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh páirteach linn. An rud is tábhachtaí ná, is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil tú, tá muid ag iarraidh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

 

Cén fáth?

  • Tá sé mar aidhm againn an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain agus daoine a spreagadh chun an teanga a labhairt. Mar a deir an seanfhocal; ‘Beatha teanga í a labhairt!’

 

Stair Chomhrá?

  • Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhair le Conradh na Gaeilge. An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá ’17, 171 uair a chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a chloig cainte a bhaint amach i 2018. Le Comhrá ’19 agus Comhrá ’20, Comhrá’21 agus Comhrá ’22 an sprioc a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Ghaeilge timpeall an domhain a bhaint amach. D’éirigh linn, agus sáróimid an churiarracht arís i mbliana le Comhrá ‘23. Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas thar na blianta.

Amchlár 2023

 

Foirm Clárúcháin 2023

 

Ambasadóirí #SnaG23

RÁITEAS NUACHTA

[AOINE 17 FEABHRA 2023]

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023 Fógartha ag seoladh speisialta i mBaile Átha Cliath inniu

Maura Derrane, Manchán Magan agus Éadaoin Fitzmaurice ainmnithe mar ambasadóirí #SnaG23

Tá ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge fógartha inniu ag seoladh sa Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath. Fógraíodh gurb iad Maura Derrane, Manchán Magan agus Éadaoin Fitzmaurice na hambasadóirí ag painéal cainte san Ard-Chathair.

Láithreoir teilefíse agus iriseoir í Maura Derrane, arbh as Inis Mór ó dhúchas di. Scríbhneoir iomráite agus láithreoir fáisnéise é Manchán Magan, agus is cruthaitheoir í Éadaoin Fitzmaurice.

Ag an bpainéal cainte speisialta inniu, labhair na hambasadóirí faoina dtaithí leis an Ghaeilge go dtí seo agus na bealaí a bheidh siad ag baint úsáid aisti le linn na féile agus i rith na bliana.

Ag labhairt inniu, dúirt Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Maura Derrane:

“Bhí go leor eolais agam faoi Sheachtain na Gaeilge i gcónaí, agus mar sin bhí an-áthas orm nuair a iarradh orm a bheith i m’ambasadóir. Ag fás aníos sa Ghaeltacht bhí an Ghaeilge timpeall orainn i gconaí, mar sin thuig mé an tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge.”

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh inniu:

“Tá sé ina phléisiúr againn ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fhógairt inniu, agus táimid an-shásta gur triúr ambasadóirí iontacha atá linn i mbliana. Tá scéalta an-suimiúil ag an triúr acu leis an nGaeilge, agus beidh siad ag roinnt na scéalta seo agus iad ag cur an Ghaeilge chun cinn ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta idir 1-17 Márta.

Le linn na féile, táimid ag tnúth go mór le himeachtaí a fheiceáil sa phobal, sa Ghaeltacht, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia do ghrúpaí agus do phobail fud fad na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.”

Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia go hoifigiúil sa phobal san Aonach, Tiobraid Árann ar an 25 Feabhra ag 14:00. Reachtáltar an féile bhliantúil ó 1-17 Márta, le imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne.

TEAGMHÁIL

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge le Energia

+353 85 7759639 | orlaith@cnag.ie

Caolán Mac Grianna

Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+353 86 0898012 | caolan@cnag.ie

Twitter: #SnaG23 @cnag & @snagaeilge

Ambasadoiri SnaG23 Eadaoin Fitzmaurice, Manchan Magan, Maura Derrane

Comhrá’21

Cad é?

  • Is comhrá leanúnach Gaeilge é ‘Comhrá’ a bhíonn ar siúl ar líne gach bhliain. Glacann go leor grúpaí páirt sa ‘Comhrá’; grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, cumainn tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, stáisiúin raidió, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus go leor grúpaí pobail eile!

Cathain? 

  • Bhí Comhrá ‘21 ar siúl ó 12/10/2021 go 14/10/2021.

 

Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh ann?

 

  • Úsáidtear Zoom le comhrá leanúnach a cruthú. Mar sin, tá sé an-éasca a bheith páirteach ar ríomhaire nó fón. Bíonn grúpaí ó Ghaillimh go dtí an Áise, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh páirteach linn. An rud is tábhachtaí ná, is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil tú, tá muid ag iarraidh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

Cén fáth?

 

  • Tá sé mar aidhm againn an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain agus daoine a spreagadh chun an teanga a labhairt. Mar a deir an seanfhocal; ‘Beatha teanga í a labhairt!’

 

Stair Chomhrá?

 

  • Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhair le Conradh na Gaeilge. An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá ’17, 171 uair a chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a chloig cainte a bhaint amach i 2018. Le Comhrá ’19 agus Comhrá ’20 an sprioc a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Ghaeilge timpeall an domhain a bhaint amach. D’éirigh linn, agus sáróimid an churiarracht arís i mbliana le Comhrá ‘21. Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas thar na blianta.

Comhrá’20

I mbliana beidh #Comhrá20 ag dul ar aghaidh ón 13-15 Deireadh Fómhair agus is í an sprioc  atá  ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhain a bhaint amach.

Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna,
chlubanna CLG, chiorcail chomhrá , stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na
Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte chun an
mhíleásite is faide sa Ghaeilge a bhaint amach. Úsáidtear zoom le
comhrá leanúnach a cruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an
deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain!

Bíonn grúpaí ó thimpeall an domhain  páirteach linn- ó Ghaillimh
go dtí an Áis, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh- is cuma cén áit sa domhan
ina bhfuil tú, tá muid ag iarriadh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

 Cuirimid fáilte roimh gach grúpa, duine aonar nó scoil páirt a ghlacadh.

Is féidir clárú do #Comhrá20 anseo agus is féidir breathnú ar an gclárama anseo

Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a’chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá’17 171 uair a’ chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a ‘chloig cainte a bhaint amach i 2018, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas.

Anuraidh bhí #Comhrá19 ag dul ar aghaidh ón 15-17 Deireadh Fómhair agus is í an sprioc  a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhain a bhaint amach agus táimid ag súil leis an gcuriarracht a shárú arís i mbliana le Comhrá’20.

 

 

Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2020

Comhghairdeas mór le Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2020, agus le gach duine a ghlac páirt iontu!

Buíochas mór leis na scoileanna, múinteoirí agus daltaí as a gcuid oibre ar fad roimh, le linn agus i ndiaidh na féile!

Buíochas freisin lenár n-urraithe:

Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2018

Comhghairdeas mór le Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017, agus le gach duine a ghlac páirt iontu!

Buíochas mór leis na scoileanna, múinteoirí agus daltaí as a gcuid oibre ar fad roimh, le linn agus i ndiaidh na féile!

Buíochas freisin lenár n-urraithe:

Féach na buaiteoirí go léir anseo.

Bain triail aisti - Surprise Yourself!