Dún

Archive for category: Nuacht

#Comhrá22 le in Singeapór

Ráiteas Nuachta

6 Deireadh Fómhair 2022

Le foilsiú láithreach

#Comhrá22 le tosú in Ambasáid na hÉireann, Singeapór

Cuirfear tús leis an gComhrá Gaeilge san Áise sula dtaistealaíonn sé ar fud an domhain

 

Dé Luain, 10 Deireadh Fómhair, a chuirfear tús leis an gComhrá Gaeilge is faide ag taisteal ar fud an domhain. Beidh an Comhrá á sruthú beo ar snag.ie agus is in Ambasáid na hÉireann, Singeapór, a sheolfar #Comhrá22.

 

Deir Ambasadóir na hÉireann, Singeapór Sarah McGrath: 

 

“Tá ríméad orainn, mé féin, an Dr Risteárd Ó hAonghusa agus an Dr Guinevere Barlow, tús a chur le Comhrá ‘22 anseo san ambasáid i Singeapór. Tá pobal breá d’Éireannaigh anseo agus an-dúil acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann. Tá an ambasáid an-sásta a bheith páirteach i gComhrá ’22 agus táimid ag súil go mór le bheith ag nascadh le Pobal na Gaeilge ar fud an domhain.”

 

Cuirfidh Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh leis an gComhrá ar Dhéardaoin, 13 Deireadh Fómhair, áit a labhróidh láithreoir an chláir le Gaeil idirnáisiúnta a bhí páirteach. Beidh idir chraobhacha Chonradh na Gaeilge, chiorcail chomhrá, scoileanna agus ghrúpaí pobail páirteach san imeacht. Tá cúpla spás fós ar fáil más spéis leatsa páirt a ghlacadh ann, ní bhíonn ag teastáil ach nasc idirlín agus cuntas Zoom, socróidh foireann an Chomhrá gach rud eile duit.

 

I measc na ngrúpaí ar fad a bheidh páirteach i mbliana, beidh Ionad Naomh Pádraig ó Ghaeltacht Ghaoth Dobhair.

 

Deir Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig: 

“Tá lúcháir mhór orainn anseo in Ionad Naomh Pádraig, lonnaithe i gcroí lár na Gaeltachta páirt a ghlacadh in Comhrá ‘22 mar atá déanta againn le blianta fada anuas. Is tógáil croí agus pléisiúr dúinn an t-ardán seo a roinnt le grúpaí agus Gaeilgeoirí ar fud an domhain.”

 

Deir Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Is ócáid bhliantúil lán le spraoi é Comhrá, a nascann daoine le chéile trí Ghaeilge. Beidh craobhacha Chonradh na Gaeilge agus grúpaí eile ó fud fad an domhain páirteach san fheachtas arís i mbliana agus is mór an spreagadh iad na grúpaí a ghlacann páirt ann gach bliain. Guím gach rath orthu agus ar #Comhrá22.”

 

Do dhaoine aonaracha, teaghlaigh nó grúpaí cairde gur mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chomhrá ach nach bhfuil spásanna ar fáil dóibh, beidh tráth na gceist speisialta á reáchtáil mar chuid den Chomhrá, oíche Luain 10 Deireadh Fómhair ag 21:00. Craolfar tráth na gceist beo ar YouTube agus beidh deis ag daoine páirt a ghlacadh ann agus duaiseanna a bhuachan.

 

Le tuilleadh eolais a fháil faoi #Comhrá22, téigh go snag.ie/comhra

Comhrá’22

Cad é?

  • Is comhrá leanúnach Gaeilge é ‘Comhrá’ a bhíonn ar siúl ar líne gach bhliain. Glacann go leor grúpaí páirt sa ‘Comhrá’; grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, cumainn tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, stáisiúin raidió, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus go leor grúpaí pobail eile!

Cathain? 

  • Beidh Comhrá ‘22 ar siúl ó 10/10/2022 go 13/10/2022.

 

Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh ann?

 

  • Úsáidtear Zoom le comhrá leanúnach a cruthú. Mar sin, tá sé an-éasca a bheith páirteach ar ríomhaire nó fón. Bíonn grúpaí ó Ghaillimh go dtí an Áise, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh páirteach linn. An rud is tábhachtaí ná, is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil tú, tá muid ag iarraidh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

Cén fáth?

 

  • Tá sé mar aidhm againn an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain agus daoine a spreagadh chun an teanga a labhairt. Mar a deir an seanfhocal; ‘Beatha teanga í a labhairt!’

 

Stair Chomhrá?

 

  • Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhair le Conradh na Gaeilge. An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá ’17, 171 uair a chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a chloig cainte a bhaint amach i 2018. Le Comhrá ’19 agus Comhrá ’20 agus Comhrá’21 an sprioc a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Ghaeilge timpeall an domhain a bhaint amach. D’éirigh linn, agus sáróimid an churiarracht arís i mbliana le Comhrá ‘22. Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas thar na blianta.

[/vc_column_text]

Foirm Clárúcháin 2022

Comhrá’20

I mbliana beidh #Comhrá20 ag dul ar aghaidh ón 13-15 Deireadh Fómhair agus is í an sprioc  atá  ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhain a bhaint amach.

Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna,
chlubanna CLG, chiorcail chomhrá , stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na
Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte chun an
mhíleásite is faide sa Ghaeilge a bhaint amach. Úsáidtear zoom le
comhrá leanúnach a cruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an
deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain!

Bíonn grúpaí ó thimpeall an domhain  páirteach linn- ó Ghaillimh
go dtí an Áis, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh- is cuma cén áit sa domhan
ina bhfuil tú, tá muid ag iarriadh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

 Cuirimid fáilte roimh gach grúpa, duine aonar nó scoil páirt a ghlacadh.

Is féidir clárú do #Comhrá20 anseo agus is féidir breathnú ar an gclárama anseo

Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a’chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh le Comhrá’17 171 uair a’ chloig cainte a bhaint amach. D’éirigh linn 172 uair a ‘chloig cainte a bhaint amach i 2018, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas.

Anuraidh bhí #Comhrá19 ag dul ar aghaidh ón 15-17 Deireadh Fómhair agus is í an sprioc  a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhain a bhaint amach agus táimid ag súil leis an gcuriarracht a shárú arís i mbliana le Comhrá’20.

 

 

Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2020

Comhghairdeas mór le Buaiteoirí Chomórtais Óige Sheachtain na Gaeilge le Energia 2020, agus le gach duine a ghlac páirt iontu!

Buíochas mór leis na scoileanna, múinteoirí agus daltaí as a gcuid oibre ar fad roimh, le linn agus i ndiaidh na féile!

Buíochas freisin lenár n-urraithe:

Comhrá’ 19

COMHRÁ ’19- Bí páirteach linn!

Tá an comhrá mór Gaeilge ar an idirlíon ar ais i mbliana agus tá Conradh na Gaeilge
ag lorg daoine agus grúpaí ó gach carn den domhan ag cuir ag caint lena chéile. I
mbliana beidh #Comhrá19 ag dul ar aghaidh ón 15-17 Deireadh Fomháir agus is é
an sprioc ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhan a
bhaint amach.

Tá muid ag lorg grúpaí ó thimpeall an domhan le bheith páirteach linn- ó Ghaillimh
go dtí an Áis, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh- is cuma cén áit sa domhan
ina bhfuil tú, tá muid ag iarriadh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda
na Gaeilge. Ní amháin sin, ach beidh an físeán den comhrá á shruthú beo
ar www.snag.ie ón 15-17 Deireadh Fómhair.

Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna,
chlubanna CLG, chiorcail chomhrá , stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na
Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte chun an
mhíleásite is faide sa Ghaeilge a bhaint amach. Úsáidtear Google Hangouts le
comhrá leanúnach a cruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an
deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain!

Gheobhaidh gach grúpa atá cláraithe faoin 28/09/19 mála féiríní!

Is féidir clárú ag : http://bit.ly/Comhrá19

                                                                                                             

 

SNEACHTA NA GAEILGE le ENERGIA

SNEACHTA NA GAEILGE le ENERGIA

Ainm nua tugtha don fhéile Seachtain na Gaeilge le Energia

Is í Seachtain na Gaeilge le Energia an fhéile Ghaeilge is mó a dheánann ceiliúradh ar an nGaeilge fud fad an domhain. Reáchtáilfear na mílte imeacht idir anois agus 17 Márta. I mbliana tá James Patrice, Caitlín Nic Aoidh agus Noel McGrath mar ambasadóirí don fhéile.

Is láithreoir aimsire í Caitlín Nic Aoidh, ceann de hambasadóir na féile ó Ghaeltacht Thír Chonaill.

Deir Caitlín Nic Aoidh, Láithreoir Aimsire agus Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Ní hamháin go mbeidh Seachtain na Gaeilge le Energia ag clúdú na tíre idir anois 17 Márta ach tá an cuma ar an scéal go mbeidh Sneachta na Gaeilge againn go dtí an deireadh seachtaine! Thaitin sé go mór liom go raibh daoine ag baint úsáide as #Sneachta le linn na seachtaine le cur síos a dhéanamh ar an aimsir. Taispeánann sé dúinn go bhfuil cúpla focal Gaeilge ag gach éinne in Éirinn agus go mbíonn daoine sásta an Ghaeilge a úsáid.”

Do dhaoine atá ag fanacht taobh istigh don chéad chúpla lá eile de dheasca na drochaimsire tá go leor bealaí gur féidir leo páirt a ghlacadh san fhéile ar líne.

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

Is trua go bhfuil imeachtaí curtha ar athló de dheasca na drochaimsire ach tá go leor imeachtaí iontacha ar nós Lá na Meán Sóisialta fós le teacht mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia. Idir an dá linn is féidir le daoine páirt a ghlacadh san fhéile trí póstálacha a chur amach as Gaeilge ar na meáin shóisialta leis an haischlib #SnaG18 agus trí pháirt a ghlacadh sna comórtais atá á reáchtáil againn.”

Le tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile a fháil téigh go www.peig.ie agus le heolas faoi na comórtais a fháil téigh go www.snag.ie.

BÚAGaeilge – Duolingo

 

An mhí seo táimid ag moladh daoibh úsáid a bhaint as Duolingo. Is aip saor in aisce í Duolingo a chuidíonn leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Tá níos mó ná 3 mhilliún duine ag foghlaim na Gaeilge ar an aip! 

Fáilte go SnaG.ie!

Fáilte go suíomh Sheachtain na Gaeilge le Energia

Is féidir ordú a chur isteach ar ábhar thacaíochta ar líne anois. Tá liosta iomlán den rogha ábhair le feiceáil chomh maith le praghsanna nua. Tá súil againn go gcabhróidh seo libh agus sibh ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge le Energia.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le foireann  PEIG.ie a bhfuil ag cabhrú go mór linn i mbliana agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia á gclárú leo. Is iontach an deis é bhur n-imeacht a chlárú leo mar go mbeidh gach eolas orthu le feiceáil ar aip Sheachtain na Gaeilge, a bhfuil íoslódáilte ag os cionn 11,000 daoine.

Tá súil againn go mbainfidh sibh leas agus spraoi as an suíomh nua. Má tá ceist ar bith agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an leathanach teagmhála. Ag súil go mór le féile eile a cheiliúradh libh.

Le meas,

Foireann Sheachtain na Gaeilge

Orlaith, Edel, Seán

Bain triail aisti - Surprise Yourself!