Tá an Aoine dheireanach den mhí roghnaithe le fócas a thabhairt do dhaoine imeacht faoi leith a eagrú lena gcairde, lena gcomhghleacaithe nó lena gclann lena gcuid Gaeilge a úsáid.Nó is féidir le daoine úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge le stróinséirí – sna siopaí, ar an mbus, i gcaife agus mar sin. Bain triail as do chuid Gaeilge & glac páirt in Aoine na Gaeilge!Cuirfear tús leis an bhfeachtas ar an 25ú Márta 2022 agus iarrfaimid oraibh ar fad páirt a ghlacadh & grianghraif a sheoladh chugainn ar na meáin shóisialta leis an haischlib #AoineNaGaeilge