Dún

Ambasadóirí #SnaG23

RÁITEAS NUACHTA

[AOINE 17 FEABHRA 2023]

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023 Fógartha ag seoladh speisialta i mBaile Átha Cliath inniu

Maura Derrane, Manchán Magan agus Éadaoin Fitzmaurice ainmnithe mar ambasadóirí #SnaG23

Tá ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge fógartha inniu ag seoladh sa Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath. Fógraíodh gurb iad Maura Derrane, Manchán Magan agus Éadaoin Fitzmaurice na hambasadóirí ag painéal cainte san Ard-Chathair.

Láithreoir teilefíse agus iriseoir í Maura Derrane, arbh as Inis Mór ó dhúchas di. Scríbhneoir iomráite agus láithreoir fáisnéise é Manchán Magan, agus is cruthaitheoir í Éadaoin Fitzmaurice.

Ag an bpainéal cainte speisialta inniu, labhair na hambasadóirí faoina dtaithí leis an Ghaeilge go dtí seo agus na bealaí a bheidh siad ag baint úsáid aisti le linn na féile agus i rith na bliana.

Ag labhairt inniu, dúirt Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Maura Derrane:

“Bhí go leor eolais agam faoi Sheachtain na Gaeilge i gcónaí, agus mar sin bhí an-áthas orm nuair a iarradh orm a bheith i m’ambasadóir. Ag fás aníos sa Ghaeltacht bhí an Ghaeilge timpeall orainn i gconaí, mar sin thuig mé an tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge.”

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh inniu:

“Tá sé ina phléisiúr againn ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fhógairt inniu, agus táimid an-shásta gur triúr ambasadóirí iontacha atá linn i mbliana. Tá scéalta an-suimiúil ag an triúr acu leis an nGaeilge, agus beidh siad ag roinnt na scéalta seo agus iad ag cur an Ghaeilge chun cinn ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta idir 1-17 Márta.

Le linn na féile, táimid ag tnúth go mór le himeachtaí a fheiceáil sa phobal, sa Ghaeltacht, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia do ghrúpaí agus do phobail fud fad na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.”

Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia go hoifigiúil sa phobal san Aonach, Tiobraid Árann ar an 25 Feabhra ag 14:00. Reachtáltar an féile bhliantúil ó 1-17 Márta, le imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne.

TEAGMHÁIL

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge le Energia

+353 85 7759639 | orlaith@cnag.ie

Caolán Mac Grianna

Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+353 86 0898012 | caolan@cnag.ie

Twitter: #SnaG23 @cnag & @snagaeilge

Ambasadoiri SnaG23 Eadaoin Fitzmaurice, Manchan Magan, Maura Derrane
0 Comments

Comments are closed

Bain triail aisti - Surprise Yourself!