Dún

Ciste Spreagtha

Tá an Ciste Spreagtha 2026 críochnaithe!

Beidh babhta 1 d’imechtaí le linn Sheachtain na Gaeilge 2027 á fhógairt againn go luath.

 

Is é cuspóir an Chiste Spreagtha ná spreagadh a thabhairt do ghrúpaí pobail laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht imeachtaí Gaeilge a eagrú ina bpobail féin. Trí mhaoiniú a chur ar fáil, tugtar deis do ghrúpaí imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtáil a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus a spreagann daoine sa phobal chun páirt a ghlacadh inti. Bainfear úsáid as Sheachtain na Gaeilge mar fhócas chun an pobal a spreagadh chun gnímh agus chun níos mó deiseanna úsáide Gaeilge a chruthú sa phobal.

Ag pleanáil d’imeachta le maoiniú ón Chiste Spreagtha?

Tá tú san áit cheart! Seo thíos liosta spreagúil d’imeachtaí gur féidir a reáchtáil i do phobal féin; idir laethanta spraoi do theaghlaigh, cheolchoirmeacha beo, shiúlóidí stairiúla agus cheardlanna cruthaitheacha – tá imeacht anseo do gach duine, ina gcuirtear béim ar an chultúr, ar an spraoi agus ar an phobal.

Is deis iontach atá sna himeachtaí seo daoine a thabhairt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga bheo, ar bhealach atá spraíúil agus oiriúnach do do phobal féin.

Éiginnte cén bealach le póstaer a dhearadh don Chiste Spreagtha? Fadhb ar bith!

Tá póstaer samplach ar fáil thíos. Déan íoslódáil air agus líon é le bhur gcuid sonraí féin. Fáilte romhat!

Ag dearadh póstaeir d’imeacht atá maoinithe ag an Chiste Spreagtha?

Ní gá ach na lógónna thíos a chur le do dhearadh féin. Íoslódáil iad agus cuir isteach i do phóstaer cruthaitheach féin iad!