Seoladh Oifigiúil SnaG 2015 – Béal Feirste

Written by riarthoir. Posted in Leathanach Baile, Nuacht, Nuacht is deanaí

Seoladh Seachtain na Gaeilge 2015 go hoifigiúil i gCultúrlann McAdam Uí Fiaich i lár Bhéal Feirste an Satharn seo caite, an 28 Márta.

Thug an tAire do Chultúr, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín fáilte romhainn uilig agus óráid don tslua maidir leis an éacht atá bainte amach aici le déanaí le 10,000 baill ‘Líofa’ a chlárú sa Tuaisceart. Labhair Eimear Ní Mhathúna ón gCultúrlann agus Bainisteoir Ghníomhach ar Sheachtain na Gaeilge Sinéad Ní Dhomhnaill maidir leis an bhféile freisin agus ar an tábhacht a bhain leis an seoladh a cheiliúradh i gCathair Bhéal Feirste don chéad uair ariamh.

Lá teaghlaigh agus spraoi a bhí i gceist sa gCultúrlann, agus in ainneoin na haimsire bhí slua iontach ann ón dtús le taispeántas speisialta ó Fíbín dá seó nua ‘Saol Faoi Shráid’ a fheiceáil. Beidh Fíbín ar chamchuairt ar fud na tíre le linn na seachtaine, agus bhain gach éinne sult is spraoi as an seó.

Bhí Ráidió Fáilte agus BBC Uladh ag craoladh beo ón gCultúrlann ar feadh an lae, agus bhí ceol beo ó na Fa Dú Das, comh maith le bia, siamsathóirí, agus fiú cuairt ó Batman agus Robin! Bhí ambasadóirí na féile Cliona Ní Chiosáin agus Tomaí O Conghaile i láthair freisin le cóipeanna de ‘Sult’ a thabhairt amach comh maith le tús spleodrach a chuir roimh an bhféile le foireann Sheachtain na Gaeilge agus baill ó fhoireann an Chonartha.

Tá súil againn gur bhain Pobal Bhéal Feirste agus gach éinne eile sult as an lá agus gur thug sé spreagadh daoibh an Ghaeilge a cheiliúradh agus a thriáil le linn Seachtain na Gaeilge 2015, mar a deir muid – Bain Triail Aistí, agus beidh ionadh ort faoin mhéid spraoi a bhéas agat!

Gach eolas ar imeachtaí agus comórtais Seachtain na Gaeilge 2015 le fáil ar an suíomh www.snag.ie, Lean orainn ar Twitter ag @SnaGaeilge agus ar Facebook ag www.facebook/SeachtainnaGaeilge.

Cúpla Pic ón Lá ar fáil ar Facebook

 

 

 

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar