Seo linn Seachtain na Gaeilge 2014

Written by riarthoir. Posted in Nuacht is deanaí

Séan Nós Dancer, Séan Ó Caoimh, performing at the opening of Seachtain na Gaeilge, one of the biggest and most anticipated Irish language festivals of the year. The festival  opened officially with an open air concert with the band Seo Linn on Main St, KiDéanfar ceann de na buaicphointí i bhféilire na bhféilte Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, a oscailt go hoifigiúil inniu, 1 Márta. Cuirfear tús oifigiúil leis an bhféile le ceolchoirm sráide ón ngrúpa Seo Linn ar an tSráid Mhór i lár bhaile Chill Airne, Co. Chiarraí, ó 2.30 go 4.30in mar chuid d’imeachtaí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014.

 

Tá clú agus cáil bainte amach ag Seo Linn ó na físeáin YouTube atá eisithe ag Coláiste Lurgan agus iad ag casadh leithéidí Avicii, Macklemore agus Amhrán na gCupán as Gaeilge. Gealltar ceolchoirm beomhar, spraíúil agus taitneamhach d’óg agus d’aosta agus beidh péinteáil aghaidhe, siúlóir maidí, lámhchleasaíocht tine, taispeántais rince agus bronnadh duaiseanna ealaíne mar chuid den ócáid.

Beidh Seachtain na Gaeilge 2014 ar siúl ó 1 – 17 Márta agus beidh na mílte imeacht ar siúl i ngach contae in Éirinn agus in go leor tíortha thar lear, chomh fada i gcéin leis an Liotuáin, an Astráil, Ceanada agus an tSeapáin fiú. Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

 

“Déanaim comhghairdeas leis na grúpaí ar fad atá ag obair ar Sheachtain na Gaeilge ar an talamh as an réimse leathan imeachtaí atá curtha ar fáil don phobal i mbliana, ó cheolchoirmeacha go galf trí Ghaeilge, ó thurais ar ionaid chultúir go Mardi Gras lán-Ghaelach. Tá sé an-tábhachtach go bhfreastalaíonn imeachtaí na féile ar spéiseanna éagsúla an phobail agus táimid ag tabhairt cuireadh oscailte do chách páirt a ghlacadh san fhéile agus an deis a thapú chun an Ghaeilge a úsáid agus a cheiliúradh ag imeachtaí na féile nó ina slí féin: sa bhaile, san obair, le cairde, ar na meáin shóisialta nó eile. Is cuma má tá cúpla focal agat nó a lán, is linne ar fad an Ghaeilge.”

 

Is iad an peileadóir Ciarán Kilkenny agus láithreoirí Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Lynette Fay ambasadóirí na féile i mbliana. Is triúr iad a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus beidh siad ag freastal ar imeachtaí agus ag cur an fhéile agus an Ghaeilge chun cinn lena linn.

 

Ní i gCill Airne amháin a dhéanfar tús Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh inniu ach in go leor áiteanna timpeall na tíre agus an domhain. Beidh Ciarán Kilkenny ag freastal ar ‘Game for Gaeilge’ nuair a thabharfaidh a chlub, CLG Caisleán Cnucha, faoi chluiche dúshláin i gcoinne an chlub lán-Ghaeilge, CLG Na Gaeil Óga, i bPáirc Somerton, Caisleán Cnucha ag 12.00in. Beidh Corn Sam Mhig Uidhir agus aíonna speisialta ar an láthair ó 11.30rn ar aghaidh. Chun tús Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh ag Féile CLG Ollscoil na Banríon i mBéal Feirste, beidh Lynette Fay agus ionadaí ón tionscadal Líofa 2015 ag glacadh páirte in imeacht speisialta ag leath-am Chorn Uí Riain i Marquee na Féile ag 2.15in.

I measc phríomhimeachtaí eile Sheachtain na Gaeilge, beidh Rith 2014, an t-ollrith náisiúnta ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, ar siúl ó 7 – 15 Márta; beidh Cinemobile ag dul ar mhion-chamchuairt na tíre ó 5 – 7 Márta le scoth na scannán Gaeilge a léiriú do dhaltaí scoile ina bpictiúrlann shoghluaiste; beidh Gaelspraoi de chuid St. Patrick’s Festival ar siúl i mBaile Átha Cliath ó 14-17 Márta agus cuirfear críoch oifigiúil le himeachtaí na féile le Ceiliúradh Phobal na Gaeilge i Halla na Cathrach, Béal Feirste ar Lá Fhéile Pádraig.

 

Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain. Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar www.snag.ie agus ar aip na féile, SnaG 2014, atá ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar an App Store agus Google Play. Is féidir Seachtain na Gaeilge a leanúint ar Facebook (SeachtainnaGaeilge) agus ar Twitter (@SnaGaeilge).

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar