Dún

Smaointí & Moltaí

  • Céilí / Ceolchoirm
  • Dráma
  • Geamaireacht
  • Seó Tallainne
  • Oíche seanchais / scéalaíochta
  • Seisiún Ceoil Traidisiúnta
  • Blaiseadh Fíona / Bia
  • Léacht
  • Comhrá Gaeilge
  • Oíche Filíochta
  • Comórtas Haiku
  • Cáirióice as Gaeilge
  • Dioscó Gaelach
  • Seoladh Leabhair / Albaim
  • Taispeántas Scannán
  • An Ghaeilge Factor
  • Comórtas Talainne
  • (ceol, damhsa, amhrán, dán, dráma, greann, hiopnóiseachas, draíocht!)

  • Maidin Tae / Caife
  • Turas Dúlra / Stairiúil
  • Picnic Ghaelach
  • Aonach Leabhar
  • Lá Spóirt
  • Turas chuig leabharlann áitiúil
  • Turas chuig iarsmalann áitiúil
  • Léamh gearrscéalta do ghasúir
  • Cuairt chuig Dánlann
  • Seó Puipéid
  • Smidiú Aghaidhe & Balúin
  • Cóisir do Pháistí
  • Mórshiúl Sráide
  • Turas Rothaíochta
  • Díolachán Cácaí / Bácáil

  • Potaireacht
  • Cócaireacht
  • Amhránaíocht
  • Ceol
  • Damhsa
  • Scríbhneoireacht / Filíocht
  • Cniotáil / Fuáil
  • Cóiriú Bláthanna
  • Ióga
  • Scileanna Sorcais
  • Surfáil

  • Amhránaíocht
  • Ceol
  • Damhsa
  • Ealaín
  • Filíocht
  • Scéalaíocht
  • Tráth na gCeist
  • Bréagchomórtas Teilifíse
  • Coinne Chéad Aithne
  • Babhláil
  • Peil / Iománaíocht
  • Snámh & Spórt eile
  • Tóraíocht Taisce
  • Culaith Bhréige
  • Biongó
  • Díospóireacht
  • Taispeántas na bhFuinneog
  • Gúrú Gramadaí na Gaeilge
  • Bácáil
  • Imirt Cártaí
  • Púl / Snúcar
  • Geandáil Ghasta
  • Cad é an pictiúr?
  • Dúrún Dúnmharaithe
  • Milliúnaí?
  • Clasaic Gailf

  • Grianghrafadóireacht
  • Ealaín
  • Ábhar Ceardaíochta
  • Cultúr / Oidhreacht
  • Scannáin Ghaeilge
  • Seó Faisin

  • Clár raidió ar an stáisiún áitiúil
  • Bronnadh na bhFáinní
  • Téama i siúlóid Lá Fhéile Pádraig

Ceilí

Le socrú:
Ionad, ceol beo más féidir nó iPod, córas fuaime, damhsaí a bheith ar eolas ag na heagraithe, fear/bean an tí den scoth a spreagfaidh daoine.

Eile:
Cuireann spotduaiseanna & cluichí ar nós Damhsa na nDealbh go mór le céilí (nuair a bhíonn ar dhaoine stopadh nuair a stoptar an ceol, is féidir é a dhéanamh níos suimiúla agus srón le srón agus tuilleadh a dhéanamh!)

Ceolchoirm

Le socrú:
Banna mór le rá le Gaeilge nó ceann a chanann amhráin Ghaeilge ar na halbaim Ceol; Póstaeir; Cinntiú go labhraíonn an banna Gaeilge leis an slua agus/nó go gcanann siad amhráin as Gaeilge má tá siad acu; Bannaí áitúla a bhfuil amhráin Ghaeilge acu a chur ar siúl roimh ré, ionad, slua mór, beár, slándáil, córas fuaime, is fearr seo a shocrú in ionad a bhfuil siad seo ann cheana.

Dráma

Le socrú:
Ionad; stáitse; cúlra; aisteoirí nó grúpa drámaíochta.

Eile:
Is féidir dráma atá ann cheana a léiriú, ceann úr a scríobh nó ceann i dteanga eile a aistriú. Caithfear stiúrthóir a bhfuil taithí aige/aici a fháil. Is fearr líon na gcarachtar a choinneáil íseal don chéad iarracht.

Is féidir scoileanna meánleibhéal a mhealladh más drama é a bhfuil baint aige leis an gcuraclam scoile. Tá comhairle, scripteanna srl ar fáil ón gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta: www.drama-gaeilge.ie

Maidin Caife

Le socrú:
Ionad le suíocháin, am oiriúnach do dhaoine (i ndiaidh páistí a fhágáil ar scoil / roimh léacht), áit le caife/tae a dhéanamh.

Le fáil:
málaí tae, caife, brioscaí, bainne, siúcra, cupáin, spúnóga, bosca bruscair.

Le déanamh:
Póstaeir a chrochadh, ríomhphost & téacsanna a scaipeadh.
Cuir stáisiún raidió Gaeilge nó ceol Gaeilge ar siúl!

Tráth na gCeist

Pinn, páipéar, clár bán agus maircéirí buana, ceartaitheoirí na mbabhtaí, 7 nó 8 mbabhta do 8 go 10 gceist.

Tá go leor ceisteanna sa lámhleabhar tacaíochta agus ar snag.ie ach déan cinnte roimh ré go bhfuil siad oiriúnach don ghrúpa! Ba chóir babhtaí ceoil agus pictiúir a bheith ann; duaiseanna; leathanaigh, ionad, ar nós tí tábhairne nó eile, suíocháin agus boird. Is féidir tráth na gceist a chur ar siúl do charthanacht. Is fiú duine a bhfuil taithí aige/aici caint os comhair slua a fháil.

Díospóireacht

Dhá fhoireann de thriúr a bhfuil taithí acu. Is fearr rún spéisiúil/greannmhar/conspóideach a roghnú, ionad ar nós léachtlainne, fear nó bean an tí chun daoine a chur i láthair, moltóirí, duine leis an am a thomhas, cloigín nó díreach cnag ar an mbord ag am faoi leith. Uisce do na cainteoirí, póstaeir/ríomhphost le daoine a spreagadh le teacht, nascadh le foireann díospóireachta áitiúil. Is féidir seo a dhéanamh níos feiceálaí/tarraingtí trí chainteoirí mór le rá a fháil ann le caint ar na hábhair chomh maith.

Bain triail aisti - Surprise Yourself!