Dún

Lá na Meán Sóisialta

#LNMS17

Seans nach n-aithnítear an Ghaeilge mar theanga nua-aimsearach, theicneolaíochta. Ach is í ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne! Tá an-dul chun cinn déanta aici thar na blianta agus is léir go bhfuil an-éileamh uirthi mar theanga ar líne.

Tá seo le feiceáil sa théacsáil réamhaithriseach, aipeanna agus na céadta suíomhanna idirlíne atá ar fad ar fáil trí Ghaeilge anois. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag iarraidh na firicií seo a ceiliúradh tríd lá iomlán a thiomnaigh don theanga ar na meáin sóisialta.

Ar Déardaoin 16 Márta 2017 beidh Lá na Meán Sóisialta againn. Is féidir páirt a ghlacadh sa lá seo pé áit a bhfuil tú lonnaithe ar domhan! Le páirt a glacadh níl ort ach postáil a chur in airde ar chuntas atá agat ar ardán ilmheánach ar bith agus an haischlib #LNMS17 a chur leis. Chomh simplí le sin!

Ná déanaigí dearmad leas a bhaint as na meáin shóisialta sa chuid eile de Sheachtain na Gaeilge le Energia chomh maith. Bain úsáid as na haischlibeanna #SnaG17 agus #Gaeilge leo seo agus déanfaidh muidne na cinn is fearr a roinnt onár gcuntais.

Facebook

  • ~ Athraigh do chuntas FB go Gaeilge
  • ~ Bí páirteach i ngrúpaí ar FB ar nós Gaeilge Amháin (Grúpa do phobal na Gaeilge timpeall an domhan)
  • ~ Cuir postálacha as Gaeilge in airde ar do leathanach féin

Twitter

  • ~ Athraigh do chuntas Twitter go Gaeilge
  • ~ Bain úsáid as na haischlibeanna #SnaG17 & #Gaeilge
  • ~ Bain úsáid as an haisclhib #LNMS17 ar Lá na Meán Sóisialta ar 16 Márta 2017

Snapchat

  • ~ Lean cuntais Gaeilge ar nos CnaGaeilge nó TG4TV
  • ~ Bain úsáid as scagairí Gaeilge ar do ghrianghraif

Instagram

  • ~ Glac grianghraif le linn imeacht SnaG agus bain úsáid as an haischlib #SnaG17
  • ~ Bain úsáid as na haischlibeanna #SnaG17 & #Gaeilge
  • ~ Lean cuntais Ghaeilge ar nós Raidió Rí-Rá, Seachtain na Gaeilge nó Conradh na Gaeilge

FACEBOOK

GMAIL

TWITTER

LINUX

MICROSOFT OFFICE

UAIR CÓDÁLA

AR GHUTHÁIN

Coimeád an litir síos le síneadh fada a aimsiú

AR RÍOMHAIRE

Brúigh Alt Gr + an litir le chéile le síneadh fada a fháil

Bain triail aisti - Surprise Yourself!