Dún

Dlúthdhioscaí CEOL

Sraith dlúthdhioscaí le roinnt de na ceoltóirí is mó ar domhan. Tá 11 dlúthdhiosca eisithe againn go dtí seo agus iad lán le haistriúcháin Ghaeilge. Eisíodh an chéad albam sa bhliain 2005. Ó shin, tá leithéidí Mundy, The Saw Doctors, Wallis Bird, The Coronas, Glen Hansard agus The Rubberbandits tar éis amhrán a thaifead as Gaeilge.

Tá an t-albam CEOL 2016 le hEoghan McDermott ar fáil anois le cód speisialta atá ar gach Gaelchárta, nó is féidir éisteacht leis na hamhráin ar fad anseo. I measc na gceoltóirí atá le cloisteáil ar an albam, tá Ed Sheeran, Kodaline, The Academic agus Hudson Taylor. Léiríonn Ed agus na ceoltóirí iontacha eile ar an albam go bhfuil réabhlóid ag tarlúint in úsáid na Gaeilge, go háirithe sa cheol. Is féidir le haon duine an Ghaeilge a úsáid agus is fiú dúinn ar fad triail a bhaint aisti chomh minic is gur féidir. Is iad Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá a chuir an t-albam le chéile i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm.

Beidh an t-albam CEOL 2017 le hEoghan McDermott ar fáil in am do Sheachtain na Gaeilge 2017.Coinnigh súil ar leathanach Facebook, Twitter and Instragram Raidió Rí-Rá / coinnigh súil ar an leathanach seo!

Má tá tuilleadh eolais uait faoi na halbaim CEOL, déan teagmháil le Raidió Rí-Rá ag rira@cnag.ie.

Bain triail aisti - Surprise Yourself!