Folúntas: Cúntóir Oifige

Written by riarthoir. Posted in Leathanach Baile, Nuacht is deanaí

Seachtain na Gaeilge_Conradh na Gaeilge_Lándaite_Trédhearcach_932px

 

 

Cúntóir Oifige á lorg ag Conradh na Gaeilge don fhéile idirnáisiúnta, Seachtain na Gaeilge, do thréimhse 5 mhí ó mhí na Samhna 2014 go mí Aibreáin 2015.

Beidh an Cúntóir Oifige ag plé le cúrsaí riaracháin na féile agus ag tacú leis an mBainisteoir Gníomhach agus le grúpaí agus scoileanna a bheidh i mbun imeachtaí a eagrú ar an talamh don fhéile.

RIACHTANAIS:

• Cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost nó a chomhionann

• Scileanna maithe riaracháin agus ríomhaireachta (bheadh taithí le suíomh idirlín agus bunachar sonraí ina buntáiste)

• Scileanna maithe cumarsáide le baill foirne agus leis an bpobal

• Eolas maith faoi shaol na Gaeilge

• Caighdeán maith Gaeilge scríofa agus labhartha

 

Tá níos mó eolais faoin bpost ar fáil ach ríomhphost a chur chuig post@cnag.ie

 

Seol iarratas mar aon le CV chuig:

post@cnag.ie

Folúntas,

Conradh na Gaeilge,

6 Sráid Fhearchair,

Baile Átha Cliath .

 

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair 2014 ag 12.00 i.n.

Reáchtálfar agallaimh Dé Máirt, 4 Samhain 2014.

Is fostóir comhionannais deiseanna é Conradh na Gaeilge. Tá Conradh na Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge.

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar