Deireadh le #SnaG2015

Written by riarthoir. Posted in Leathanach Baile, Nuacht is deanaí

HEATHERS & DUBLIN GOSPEL CHOIR BEO DO LÁ LE PÁDRAIG LE SnaG agus RnaL

Mar chuid de Fhéile Naomh Pádraig agus chun deireadh bríomhar a chur le de Seachtain na Gaeilge 2015 beidh ceolchoirm dátheangach Lá le Pádraig ar siúl ar Fhaiche Stiabhna, buíochas le Seachtain na Gaeilge agus Raidió na Life. Is iad Heathers, an Dublin Gospel Choir agus go leor eile a bheas ar stáitse don tráthnóna leithleach seo. Beidh Aileen Hand ó UTV Ireland mar bhean an tí agus cuirfidh sí tús le cúrsaí ar a 15:30 nuair a bheidh Máiread Déiseach ag casadh ceoil bheo. Beidh go leor aíonna speisialta le clois nuair a sheinnfidh Banna Tí Raidió na Life cúpla port ina diaidh. Tá clú agus cáil ar an gcéad aoi eile Shane Hennessy a bheas ar stáitse thart ar a 16:25.  Siad Heathers ceann do na grúpaí is mó tóir orthu in Éirinn agus thar lear faoi láthair agus beidh slua mór ag feitheamh orthu nuair a thagann siadsan chun stáitse timpeall a chúig a chlog. Beidh fáilte roimh chách canadh in éineacht leis an Dublin Gospel Choir nuair a chuireann siad deireadh leis an gceolchoirm ag 17:30 le seit dá gcuid féin.

Is imeacht teaghlaigh, saor in aisce agus saor ó alcól é an t-imeacht seo. Cuirfidh sé deireadh le Seachtain na Gaeilge 2015. Ghlac níos mó ná 100,000 páirt in imeachtaí na féile go dtí seo ar fud an oileáin agus timpeall na cruinne i mbliana. Mar sin tá sé an-oiriúnach go deo gur trí cheol, chraic agus rince a chuirfear deireadh léi.  Is deis iontach í an cheolchoirm seo chun triail a bhaint as do chuid Gaeilge agus ár dteanga agus ár gcultúr dúchais a cheiliúradh le chéile ar Lá Fhéile Pádraig.

Arsa Sinéad Ní Dhomhnaill Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge: Tá áthas an domhain orainn bheith mar phríomhurraitheoir ar an gceolchoirm Ghaelach leithleach seo. D’éirigh go hiontach le Seachtain na Gaeilge 2015 agus níl bhealach níos fearr chun deireadh a chur leis an bhféile ná le himeacht mór teaghlaigh i lár na hardchathrach ar Lá Le Pádraig i gcomhpháirt le Raidió na Life. Bigí linn agus Bain Triail Aisti!

Arsa Cian Mac Carthaigh Bainisteoir Raidió na Life: Tá áthas an domhan ar Raidió na Life go bhfuil ról lárnach againn i gceann de na himeachtaí is mó a bheidh ar siúl Lá Fhéile Pádraig. Táimid ar bís Heathers agus Dublin Gospel Choir a fheiceáil ag canadh as Gaeilge os comhair slua ollmhór. Is iontach an rud é bheith comhoibriú le Seachtain na Gaeilge ar an gceolchoirm seo. Tá súil agam gur ócáid bhliantúil a bheidh ann as seo amach.

 

Ord Reatha-Running Order

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar