Curiarracht Dhomanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh á sheoladh inniu!

Written by riarthoir. Posted in Leathanach Baile, Nuacht is deanaí

Lógó_Comhrá 14_Cúlra BánTá tús á chur le Comhrá ’14 inniu, Dé Domhnaigh, 5 Deireadh Fómhair, an churiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh ó 5 – 12 Deireadh Fómhair 2014.

 

Beidh Comhrá ’14 á shruthú beo ar www.snag.ie agus beidh 169 uair a’ chloig de chaint as Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil gan stad ón tús ag 12.00in ar 5 Deireadh Fómhair go dtí an chríoch ag 1.00in ar 12 Deireadh Fómhair.

 

Seolfar an churiarracht dhomhanda, Comhrá ’14, le clár speisialta ar an stáisiún raidió náisiúnta do dhaoine óga, Raidió Rí-Rá, agus ar shuíomh gréasáin Sheachtain na Gaeilge, www.snag.ie, ag 12.00in inniu, Dé Domhnaigh, 5 Deireadh Fómhair 2014. Beidh agallaimh le foireann eagrúcháin na curiarrachta maidir le grúpaí rannpháirteacha, buaicphointí agus dúshláin na seachtaine rompu.

 

Tar éis an chláir uair a’ chloig seolta seo, leanfar leis an gcomhrá le 168 seisiún cainte eile atá á n-eagrú ag níos mó ná 70 grúpa éagsúil ó gach cearn d’Éirinn agus den domhan ar feadh 7 lá, 24 uair a’ chloig sa lá, gan aon stad.

 

Is tríd an sruthú beo ar www.snag.ie a nascfar an tsraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne i rith na seachtaine ar leith seo. Beidh deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh tríd an gcomhrá a leanúint beo ar www.snag.ie agus teachtaireachtaí Twitter a chur chuig na rannpháirtithe agus lucht féachana trí úsáid a bhaint as an haischlib #Comhrá14.

 

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Táimid ag ullmhú do Chomhrá ’14 le cúpla mí anuas agus táimid ar bís anois go bhfuil sé á sheoladh. Beidh seachtain dúshlánach ach spraíúil agus spreagúil romhainn agus roimh na grúpaí ar fad; guímid gach rath ar na rannpháirtithe ar fad agus tá súil againn go mbeidh dea-scéal agus curiarracht dhomhanda bainte amach againn ag an deireadh!”

 

I measc an 70 grúpa atá cláraithe leis an gcuriarracht a chur i gcrích, tá scoileanna, grúpaí deonacha Gaeilge, eagraíochtaí, stáisiúin raidió, cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, cumainn spóirt agus grúpaí chomh fada i gcéin le hAlbain, an Fhrainc, Poblacht na Seice, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus Béising na Síne! Beidh plé spreagúil ar réimse leathan téamaí, agallaimh, ceol, amhránaíocht, rince, litríocht agus rang ióga fiú mar chuid den tseachtain.

 

Tá bearnaí ama fós i sceideal na curiarrachta áfach agus níos mó grúpaí á lorg chun na bearnaí sin a líonadh. Má tá Gaeilge agatsa agus ag cara nó cairde de do chuid agus má tá fonn dúshláin, cainte agus craic oraibh, féach ar chlár ama na curiarrachta ar www.snag.ie agus déan teagmháil le hoifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401 comhra@cnag.ie gan mhoill chun lá agus am a chur in áirithe.

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar