CUNTÓIR OIFIGE CEAPTHA AG CONRADH NA GAEILGE

Written by riarthoir. Posted in Uncategorized

Tá áthas ar Chonradh na Gaeilge Jenny Ní Ruiséil as Léim an Bhradáin a fhógairt mar Chúntóir Oifige le Seachtain na Gaeilge. Tá Jenny lonnaithe in Uimhir a 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Céimí de chuid Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad agus baill den ghrúpa ceoil Seo Linn is ea í Jenny. Beidh sí ag díriú ar riarachán na féile agus ag tacú le scoileanna agus grúpaí pobail agus iad i mbun pleanála d’Fhéile 2015.

Arsa Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge: “Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh Jenny. Cuirfidh sí go mór le cumas na foirne dul i bhfeidhm ar níos mó scoileanna agus grúpaí pobail agus an fhéile is mó riamh a chur ar siúl i 2015.”

Arsa Jenny Ní Ruiséil, Cuntóir Oifige le Seachtain na Gaeilge: “Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair le foireann Chonradh na Gaeilge agus Sheachtain na Gaeilge agus tá súil agam go mbeidh mé in ann cuir leis an obair atá ar siúl acu cheana féin.”

Más maith leat tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain na Gaeilge is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann:

Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach, sinead@cnag.ie

Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta agus Ilmheán, sean@cnag.ie

Jenny Ní Ruiséil, Cuntóir Oifige, jenny@cnag.ie,

nó glaoigh ar lároifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 475740.

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar