Comórtas Drámaíochta Fhéile na Físe fógraithe

Written by riarthoir. Posted in Leathanach Baile, Seachtain na Gaeilge sna Meáin

Is é Féile na Físe an fhéile atá á heagrú ag Seachtain na Gaeilge chun ról na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh in Éirí Amach na Cásca agus imeachtaí eile in Éirinn le linn na tréimhse sin a cheiliúradh. Mar chuid den fhéile, tá dráma faoi leith scríofa ag an údar aitheanta Alan Titley darb ainm ‘An Filleadh’ (script anseo).

Tá an-áthas ar Sheachtain na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Amharclann na Mainistreach ag tacú le comórtais drámaíochta do scoileanna chun cur leis an imeacht leithleach seo. Is í príomhdhuais an chomórtais seo ná go mbeidh na buaiteoirí ag léiriú ‘An Filleadh’ ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach ar Luan Cásca an 28 Márta 2016. Gheobhaidh gach rang/scoil a chuireann isteach ar an gcomórtas teastas chomh maith.

Iarrtar ar scoileanna gearrthóg 5 nóiméad AMHÁIN de dhaltaí ag léiriú an dráma a chur ar aghaidh chuig Seachtain na Gaeilge thar ríomhphost AMHÁIN – snag@cnag.ie (is féidir wetransfer a úsáid) ROIMH A 5in AR AN AOINE AN 12 FEABHRA 2016. NÍ GHLACFAR LE HIARRATAIS DÉANACHA. 

Roghnófaí painéal moltóirí neamhspleácha na buaiteoirí. Beidh an painéal ag lorg:

  • Ardchaighdeán Ghaeilge
  • Scileanna aisteoireachta
  • Scileanna Cumarsáide
  • Cruthaitheacht
  • Beocht drámaíochta

Tuigtear nach bhfuil na hacmhainní céanna ag gach scoil mar sin ní féidir marcanna breise a bhronnadh do mhaisíochta, feistis, soilse nó eile – cé go bhfuil fáilte roimh scoileanna úsáid a bhaint as a leithéid. Tá an dráma féin ar fáil anseo chomh maith le focail agus liricí na n-amhrán a bheas de dhíth chun é a léiriú.

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar