Comhrá ’15 – Breis is seachtain ag comhrá GAN STAD

Written by riarthoir. Posted in Leathanach Baile, Nuacht is deanaí

Lógó-Comhrá15

An bhfuil bua na cainte agat?
An maith leat tabhairt faoi dhúshláin?
Ar mhaith leat a bheith mar chuid de churiarracht dhomhanda ar son na Gaeilge?
Tá do chabhair ag teastáil chun curiarracht dhomhanda a bhaint amach don chomhrá Gaeilge is faide riamh ó 6 – 13 Deireadh Fómhair 2015!

Ag glaoch ar:  Grúpaí comhrá agus Is Leor Beirt, Scoileanna, Clubanna Óige, Craobhacha & Coistí Gaeilge, Cumainn Ghaelacha 3ú leibhéal, Cumann Lúthchleas Gael, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Údaráis Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla, na  meáin chumarsáide, cumainn drámaíochta, scoileanna rince, cumainn staire, caiféanna, tithe tábhairne, ionaid phobail, comhlachtaí, agus níos mó!       

Chun:  Páirt a ghlacadh i gcuriarracht don chomhrá Gaeilge is faide ar domhan le grúpaí éagsúla ar fud an domhain i mbun ciorcal comhrá sealaíochta mar chuid de chlár ama 170 uair a’ chloig san iomlán a shruthófar beo ar líne.

Cathain:  Do rogha ama idir Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair agus Dé Máirt, 13 Deireadh Fómhair

Conas:

1. Cuir tréimhse ama in áirithe

Féach ar an gclár ama & na tréimhsí ama atá fós ar fáil – ANSEO.

Comhlánaigh an fhoirm chun do ghrúpa a chlárú – ANSEO.

2. Eagraigh an comhrá

Eagraigh ionad, daoine, trealamh agus cúrsaí teicneolaíochta*, ábhar cainte, aoi-chainteoirí, feistis, maisiúcháin** & socruithe eile.

*Beidh ríomhaire le ceamara idirlín (nó ceamara idirlín neamhspleách) agus ceangal idirlín ag teastáil

**Cuirfear pacáiste tacaíochta chugaibh seachtain roimh an gcomhrá

3. Ar an lá

Bíodh an t-ionad, trealamh agus cúrsaí teicneolaíochta agus daoine réidh 30 nóiméad roimh thús na tréimhse ama.

Tá sé seo an-tábhachtach le cinntiú le foireann thaca Comhrá ’15 go bhfuil gach ní, go háirithe cúrsaí teicneolaíochta, socraithe agus ag feidhmiú.

NÍOS MÓ EOLAIS:

COMHRA@CNAG.IE

+353 (0)1 4757401

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar