Comhrá ’14: Curiarracht Domhanda ó 5-12 Deireadh Fómhair!

Written by riarthoir. Posted in Leathanach Baile, Nuacht is deanaí

Breis is seachtain ag comhrá GAN STAD

 

Ag glaoch ar:  Grúpaí comhrá agus Is Leor Beirt, Scoileanna, Clubanna Óige, Craobhacha & Coistí Gaeilge, Cumainn Ghaelacha 3ú leibhéal, Cumann Lúthchleas Gael, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Údaráis Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla, na  meáin chumarsáide, cumainn drámaíochta, scoileanna rince, cumainn staire, caiféanna, tithe tábhairne, ionaid phobail, comhlachtaí, agus níos mó!       

      

Chun:              Páirt a ghlacadh i gcuriarracht don chomhrá Gaeilge is faide ar domhan le grúpaí éagsúla ar fud an domhain i mbun ciorcal comhrá sealaíochta mar chuid de chlár ama 169 uair a’ chloig san iomlán a shruthófar beo ar líne.

 

Cathain:          Do rogha ama idir Dé Domhnaigh, 5 Deireadh Fómhair agus Dé Domhnaigh, 12 Deireadh Fómhair

 

Téamaí:           Beidh téama difriúil ag baint le gach lá de Chomhrá ’14 chun deis a thabhairt do ghrúpaí caint ar an ábhar sin mar chuid dá gcomhrá féin (roghnach):

Dé Domhnaigh, 5 Deireadh Fómhair: Lá Spóirt

Dé Luain, 6 Deireadh Fómhair: Lá Drámaíochta

Dé Máirt, 7 Deireadh Fómhair: Lá Ealaíne

Dé Céadaoin, 8 Deireadh Fómhair: Lá Díospóireachta

Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair: Lá Rince

Dé hAoine, 10 Deireadh Fómhair: Lá Staire

Dé Sathairn, 11 Deireadh Fómhair: Lá Ceoil

Dé Domhnaigh, 12 Deireadh Fómhair: Críoch Mór

 

Conas:

1. Cuir tréimhse ama in áirithe

Féach ar an gclár ama & na tréimhsí ama atá fós ar fáil – ANSEO.

Cuir ríomhphost chuig comhra@cnag.ie leis an eolas seo a leanas:

  • Ainm do ghrúpa & Baile/Cathair/Contae/Tír ina bhfuil sibh lonnaithe
  • Ainm, Ríomhphost, Uimhir Ghutháin & Seoladh an teagmhálaí
  • Tréimhse ama (Meán-Am Greenwich)

 

2. Eagraigh an comhrá

Eagraigh ionad, daoine, trealamh agus cúrsaí teicneolaíochta*, ábhar cainte, aoi-chainteoirí, feistis, maisiúcháin** & socruithe eile.

*Beidh ríomhaire le ceamara idirlín (nó ceamara idirlín neamhspleách) agus ceangal idirlín ag teastáil

**Cuirfear pacáiste tacaíochta chugaibh seachtain roimh an gcomhrá

 

3. Ar an lá

Bíodh an t-ionad, trealamh agus cúrsaí teicneolaíochta agus daoine réidh 30 nóiméad roimh thús na tréimhse ama.

Tá sé seo an-tábhachtach le cinntiú le foireann thaca Comhrá ’14 go bhfuil gach ní, go háirithe cúrsaí teicneolaíochta, socraithe agus ag feidhmiú.

 

 

NÍOS MÓ EOLAIS:

COMHRA@CNAG.IE

+353 (0)1 4757401

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar