Comhoibriú idir Seachtain na Gaeilge agus Choirs Can

Written by Riarthóir SnaG. Posted in Gan catagóir

Choirs can_pic                                                                                                                                Tá an-athas ar Sheachtain na Gaeilge comhoirbiú nua idir an fhéile agus Choirs Can a fhógairt. Is áis nua atá ar fáil ar-líne é Choirs Can. Aithneoidh go leor daoine poirt na n-amhrán a bhí sa chnuasach Cas Amhrán a chuir Mícháel Ó hEidhin le chéile i 1975, cnuasach atá ar fáil go forleathan i dtithe agus scoileanna na tíre. Tá an togra seo Choirs Can, atá á stiúradh ag Deirdre Moynihan, dírithe ar mheánscoileanna agus chóir amaitéaracha agus tá cóiriúcháin na n-amhrán curtha le chéile ag Deirdre féin, Mark Armstrong agus Andrew Synott, cumadóirí agus cóiritheoirí ceoil cáiliúla iad triúr. Tá meascán stíle agus leibhéil deacrachta san hamhráin atá oiriúnach do gach aon ghrúpa.

Is féidir teacht ar na cóiriúcháin faoi Songpacks ar shuíomh Choirs Can, tá siad saor in aisce le híoslódáil agus cuirfear cinn eile in airde go luath. Léiríodh cóiriúchán Choirs Can de ‘Óró Sé do Bheatha Bhaile’ ag an Cork International Choral Festival i 2013 i Halla na Cathrach, Corcaigh. Déan an ceol, na cóiriúcháin, taifid fuaime, línte aonaracha, treoracha fógraíochta agus go leor eile anseo.

Tá Choirs Can agus Seachtain na Gaeilge ag cur na Songpacks seo chun cinn mar chuid de Fhéile na Físe, an céiliúradh ar ról na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh in imeachtaí 1916 a bheidh ar siúl mar chuid de #SnaG2016. Tá gach eolas ar acmhainnaí a bhaineann le Féile na Físe ar fáil anseo.

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar