Buail le hAmbasadóirí 2015

Written by riarthoir. Posted in Gan catagóir

Clíona & Tomaí - Sonc

I mbliana, tá beirt ambasadóirí ag obair le Seachtain na Gaeilge – Tomaí Ó Conghaile agus Clíona Ní Chiosáin.

Is as contae Ard Mhacha do Tomaí ó dhúchas. Chuaigh sé i mbun pinn agus é ar an ollscoil i gColáiste na Tríonóide, agus lean sé leis an gceird i ndiaidh na hollscoile agus é ag scríobh don nuachtán Lá Nua. Láithrigh sé cláir ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus ar BBC Raidió Uladh, mar aon le cláir teilifíse ar BBC NI, Imeall Geall agus I Lár an Aonaigh ina measc. I 2008 bhunaigh sé an iris Nós agus is i mbun eagarthóireachta air sin atá Tomaí ó shin. Tá Nós imithe ó neart go neart agus is féidir an t-eolas ar fad a fháil ar www.nos.ie

Is as Leamhcan i mBaile Átha Cliath de Chlíona Ní Chiosáin áit ar tógadh le Gaeilge í. Bhain sí clú agus cáil amach nuair a bhfuair sí ról Aifric sa clár teilifíse den t-ainm céanna ar TG4. I ndiaidh di céim a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann Má Nuad, lean sí le gairm na craoltóireachta agus bíonn sí le clois anois i dteannta Eoghan Mac Diarmada (iar-ambasadóir eile de chuid Sheachtain na Gaeilge dar ndóigh!) ar RTÉ 2FM.

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar