Athbhliain Faoi Mhaise Daoibh!!

Written by riarthoir. Posted in Gan catagóir

Seachtain na Gaeilge_Lógó_Lándaite_Trédhearcach_400px

Athbhliain Faoi Shéan is Faoi Mhaise daoibh uilig!
Táimid ag súil go mbeidh 2015 bisiúil, sláintiúil agus taitneamhach daoibh ar fad.

Tá clár Sheachtain na Gaeilge 2015 ag teacht le chéile go maith agus beidh lámhleabhar na scoileanna á sheoladh amach againn roimh dheireadh na míosa seo.
Tá muid ag glacadh le horduithe don ábhar tacaíochta freisin – tá foirm orduithe le fáil ar shuíomh na seachtaine anseo, nó is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar snag@cnag.ie.
Má’s mian le do chraobh/scoil/ghrúpa imeacht faoi leith a chlárú linn, is féidir é sin a dhéanamh ar an suíomh freisin (anseo), agus déanfar é a fhógairt ar an suíomh agus ar na meáin shóisialta.
Cliona Ní Chiosáin agus Tomaí O Conghaile atá mar ambasadóirí na féile i mbliana, agus beidh póstaeir á scaipeadh againn go luath, comh maith leis an bhfógra ráidió agus teilifíse.
Má bhíonn aon cheist agaibh, ná bíodh drogall oraibh teacht i dteagmháil linn anseo san oifig ag snag@cnag.ie, nó glaoigh orainn ag (01) 475 7401.

conradhAodhan

Conradh na Gaeilge,
6 Sráid Fhearchair,
BÁC 2
(01) 475 7401

forasnagaeilge
forasnagaeilge
RTÉ ag tacú leis na hEalaíona
Skip to toolbar