Fáilte!
Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Ritheadh féile na bliana seo ó 2 – 17 Márta 2009. Bhunaigh
Conradh na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902.
Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá anois ar an gcéiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn gach bliain, ag sciobadh tíortha eile linn ar an mbealach. Agus imeachtaí ar nós oícheanta comhrá simplí; céilithe sráide; scóráil sciobtha; agus blaiseadh fíona mar chuid den fhéile anois, tugann sé deis go gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú linn.
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 5 -17 Márta 2010! Cuir sa dialann é!